{"langue":"ga","maj":"2026-08-29","texteOfficiel":"IO L 165, 29.6.2023, arna cheartú le IO L 169, 4.7.2023 (leagan comhdhlúite an 27.7.2026)","consolide":"02023R1230-20260727","ecartsAuTextePublie":["2.1.1","2.4","2.4.10","3.1","4.1.1"],"sources":{"reglement":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","decision":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","liste":"https://single-market-economy.ec.europa.eu/single-market/goods/european-standards/harmonised-standards/machinery-md_en"},"categories":{"generalites":"Barúlacha ginearálta","commandes":"Córais rialaithe","risques_mecaniques":"Rioscaí meicniúla","protections":"Sciatha agus feistí cosanta","autres_risques":"Rioscaí eile","entretien":"Cothabháil","informations":"Faisnéis agus treoracha úsáide","agroalimentaire":"Ábhair bhia, cosmaidí agus táirgí cógaisíochta","portatives":"Innealra iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh","bois":"Saoirsiú adhmaid agus ábhar comhchosúil","phytopharmaceutiques":"Táirgí cosanta plandaí","mobilite":"Soghluaisteacht an innealra","levage":"Oibríochtaí ardaithe","souterrain":"Obair faoin talamh","levage_personnes":"Oibríochtaí ardaithe daoine"},"chapitres":{"1":{"court":"Gach innealra","officiel":"BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA","portee":"Tá feidhm aici maidir le gach innealra agus gach táirge gaolmhar. Is é seo an croí coiteann: mura mbaineann ach cuid amháin d’Iarscríbhinn III leat, is í seo í."},"2":{"court":"Catagóirí áirithe","officiel":"BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA MAIDIR LE CATAGÓIRÍ ÁIRITHE INNEALRA AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA","portee":"Ábhair bhia, cosmaidí agus táirgí cógaisíochta · innealra iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh · saoirsiú adhmaid agus ábhar le saintréithe fisiceacha comhchosúla · leatadh táirgí cosanta plandaí."},"3":{"court":"Soghluaisteacht","officiel":"BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA CHUN RIOSCAÍ MAR GHEALL AR SHOGHLUAISTEACHT AN INNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA A FHRITHÁIREAMH","portee":"Innealra a bhfuil rioscaí ag baint leis mar gheall ar a shoghluaisteacht. Is í seo an chaibidil is mó a athraíodh leis an Rialachán, timpeall ar an innealra soghluaiste uathrialaitheach: tá dhá roinn déag dá seacht roinn is fiche nua."},"4":{"court":"Ardú","officiel":"BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA CHUN RIOSCAÍ MAR GHEALL AR OIBRÍOCHTAÍ ARDAITHE A FHRITHÁIREAMH","portee":"Innealra a bhfuil rioscaí ag baint leis mar gheall ar oibríochtaí ardaithe."},"5":{"court":"Obair faoin talamh","officiel":"BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA MAIDIR LE hINNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA ATÁ BEARTAITHE DON OBAIR FAOIN TALAMH","portee":"Innealra atá beartaithe don obair faoin talamh."},"6":{"court":"Ardú daoine","officiel":"BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA MAIDIR LE hINNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA A mBAINEANN RIOSCA AR LEITH LEO I nGEALL AR OIBRÍOCHTAÍ ARDAITHE DAOINE","portee":"Innealra a mbaineann rioscaí ar leith leis i ngeall ar oibríochtaí ardaithe daoine."}},"typesNorme":{"A":"Cineál A — prionsabail ghinearálta","B1":"Cineál B1 — gnéithe sábháilteachta","B2":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","C":"Cineál C — innealra ar leith","TS":"Sonraíocht theicniúil"},"statuts":{"citee_joue":{"libelle":"Foilsithe in IO","jeton":"oui","aide":"Tagairt foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh: tugann a chur i bhfeidhm toimhde comhréireachta."},"a_verifier":{"libelle":"Ag feitheamh","jeton":"att","aide":"Níor foilsíodh aon tagairt go dtí seo faoin ngníomh seo. Stádas dátaithe, le seiceáil arís i gcoinne an liosta achomair."},"non_harmonisee":{"libelle":"Gan foilsiú","jeton":"non","aide":"Gan foilsiú: ní thugann a chur i bhfeidhm aon toimhde comhréireachta."}},"eess":[{"code":"1.1.1","intitule":"Infheidhmeacht","texte":["Tá na hoibleagáidí a leagtar síos leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta infheidhme maidir le hinnealra páirtchríochnaithe sa mhéid go bhfuil na ceanglais sin ábhartha.","Ní chumhdaítear leis na ceanglais ábhartha maidir le hinnealra páirtchríochnaithe na ceanglais nach féidir a chomhlíonadh ach amháin nuair a ionchorpraítear an t-innealra páirtchríochnaithe. Tá prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta a bhunaítear i roinn 1.1.2 infheidhme i ngach cás, áfach."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.2","intitule":"Prionsabal an chomhtháthaithe sábháilteachta","texte":["(a)","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm atá leo, agus gur féidir iad a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan daoine a chur i mbaol nuair a dhéantar na hoibríochtaí sin faoi na ndálaí a raibh coinne leo, agus aird á tabhairt freisin ar aon mhí-úsáid measartha intuartha a bhainfear astu. Is é a bheidh mar aidhm ag na bearta cosanta aon riosca a dhíothú ar feadh shaolré intuartha an innealra nó an táirge ghaolmhair, lena n-áirítear na céimeanna iompair, cóimeála, díchóimeála, díchumasaithe agus briste.","(b)","Agus na modhanna is iomchuí á roghnú, déanfaidh an monaróir na prionsabail seo a leanas a chur i bhfeidhm, san ord seo a leanas:","(i)","guaiseacha a dhíothú nó, mura féidir é sin a dhéanamh, rioscaí a íoslaghdú (innealra nó táirgí gaolmhara atá sábháilte iontu féin a dhearadh agus a thógáil);","(ii)","na bearta cosanta is gá a ghlacadh i ndáil le rioscaí nach féidir a dhíothú;","(iii)","úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na rioscaí iarmharacha de bharr aon easnamh atá sna bearta cosanta a glacadh, é a thabhairt le fios má theastaíonn aon oiliúint shonrach, agus aon ghá le soláthar trealaimh cosanta pearsanta a shonrú.","(c)","Agus innealra nó táirge gaolmhar á dhearadh agus á thógáil aige nó aici, agus na treoracha úsáide á ndréachtú aige nó aici, tabharfaidh an monaróir aird ní hamháin ar úsáid bheartaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair ach ar aon mhí-úsáid measartha intuartha a bhainfear astu freisin. Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a dhéanfar úsáid mhínormálta a chosc más rud é go mbeadh riosca ag baint le húsáid den sórt sin. I gcás inarb iomchuí, sna treoracha úsáide, díreofar aird an úsáideora ar bhealaí nár cheart úsáid a bhaint as an innealra ná as an táirge gaolmhar, ar bhealaí iad d’fhéadfadh teacht chun cinn mar atá léirithe ag taithí a fuarthas cheana.","(d)","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil chun na srianta a bhfuil an t-oibreoir faoina réir mar thoradh ar úsáid riachtanach nó intuartha an trealaimh cosanta phearsanta a chur san áireamh.","(e)","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir leis an úsáideoir, i gcás inarb infheidhme, na feidhmeanna sábháilteachta a thástáil. Soláthrófar don innealra nó don táirge gaolmhar an trealamh speisialta agus na gabhálais speisialta go léir, agus i gcás inarb iomchuí, an tuairisc ar nósanna imeachta sonracha um thástálacha feidhmiúla atá riachtanach chun go bhféadfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a thástáil, a choigeartú, a chothabháil agus a úsáid go sábháilte."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.3","intitule":"Ábhair agus táirgí","texte":["Leis na hábhair a úsáidtear chun innealra nó táirgí gaolmhara a thógáil, nó na táirgí a úsáidtear nó a cruthaítear le linn a n-úsáide, ní gcuirfear sábháilteacht nó sláinte daoine i mbaol. Go háirithe, i gcás ina n-úsáidtear leachtanna, déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil chun rioscaí a chosc de bharr líonadh, úsáide, aisghabhála nó draenála."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.4","intitule":"Soilsiú","texte":["Soláthrófar innealra nó táirgí gaolmhara le soilsiú ionsuite atá oiriúnach do na hoibríochtaí lena mbaineann, i gcás inar dócha go mbeadh riosca ann dá éagmais sin d’ainneoin soilsiú comhthimpeallach gnáthdhéine a bheith ann.","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh aon limistéar faoi scáth ar dócha go mbeidh sé ina bhearrán, nach mbeidh solas dallraitheach bearránach ann, agus nach mbeidh éifeachtaí stróbascópacha contúirteacha ar pháirteanna gluaisteacha de dheasca an tsoilsithe.","Soláthrófar soilsiú iomchuí do pháirteanna inmheánacha ar gá iad a imscrúdú agus a choigeartú go minic, agus do limistéir chothabhála."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.5","intitule":"Innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh chun a láimhseáil a éascú","texte":["Maidir le hinnealra nó táirge gaolmhar nó gach comhpháirt de:","(a)","beifear in ann é a láimhseáil agus a iompar go sábháilte;","(b)","beidh sé pacáistithe nó deartha sa chaoi gur féidir é a stóráil go sábháilte agus gan dochar dó.","Le linn iompar an innealra nó an táirge ghaolmhair nó a chomhpháirteanna, ní bheidh aon riosca ann go mbainfí gluaiseachtaí tobanna as nó go mbeidh aon ghuais ann de dheasca éagobhsaíochta fad is go bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar nó a chomhpháirteanna á láimhseáil i gcomhréir leis na treoracha.","I gcás ina gcoisceann meáchan, méid nó cruth an innealra nó an táirge ghaolmhair nó a chomhpháirteanna éagsúla é nó iad a aistriú de láimh, is mar seo a leanas a bheidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar nó gach comhpháirt:","(a)","feistithe le forbhaill le haghaidh trealamh ardaithe; nó","(b)","deartha sa chaoi gur féidir é nó í a fheistiú leis na forbhaill sin; nó","(c)","deartha sa chaoi gur féidir trealamh ardaithe caighdeánach a cheangal go héasca leis nó léi.","I gcás ina mbeidh innealra nó táirge gaolmhar nó ceann dá chuid chomhpháirteanna le haistriú de láimh, is mar seo a leanas a bheidh sé:","(a)","inghluaiste go héasca; nó","(b)","feistithe lena phiocadh suas agus lena aistriú go sábháilte.","Déanfar socruithe speisialta chun uirlisí agus/nó páirteanna d’innealra nó de tháirge gaolmhar a láimhseáil, a d’fhéadfadh a bheith guaiseach fiú más éadrom dóibh."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.6","intitule":"An eirgeanamaíocht","texte":["Faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, déanfar an míchompord, an tuirse agus an strus fisiceach agus síceolaíoch a bhíonn ar an oibreoir a dhíothú nó a laghdú a mhéid is féidir, agus na prionsabail eirgeanamaíocha seo a leanas á gcur san áireamh ar a laghad:","(a)","inathraitheacht thoisí fisiciúla, neart agus theacht aniar an oibreora a chur san áireamh;","(b)","an gá le staidiúirí nó gluaiseachtaí oibre déine agus saothair láimhe a sháraíonn inniúlacht an oibreora a sheachaint;","(c)","dóthain spáis a fhágáil don ghluaiseacht a bhainfidh an t-oibreoir as na baill éagsúla dá chorp nó dá corp;","(d)","ráta oibre arna chinneadh ag meaisín a sheachaint;","(e)","faireachán a éilíonn aird a dhíriú ar rud ar feadh i bhfad a sheachaint;","(f)","an comhéadan duine le meaisín a chur in oiriúint do shaintréithe intuartha na n-oibreoirí, lena n-áirítear maidir le hinnealra nó táirge gaolmhar ag a bhfuil iompraíocht nó loighic fhéinathraitheach go hiomlán nó go páirteach, ar iompraíocht nó loighic bheartaithe í, atá deartha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais;","(g)","i gcás inarb ábhartha, innealra nó táirge gaolmhar ag a bhfuil iompraíocht nó loighic fhéinathraitheach go hiomlán nó go páirteach, ar iompraíocht nó loighic bheartaithe í, atá deartha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais, an t-innealra nó táirge sin a oiriúnú chun go bhfreagróidh sé daoine go leormhaith agus go hiomchuí (amhail trí fhocail labhartha agus go neamhbhriathartha trí chomharthaí, gothaí gnúise nó gluaiseacht choirp) agus chun a ghníomhaíochtaí beartaithe a chur in iúl (amhail an rud a dhéanfaidh sé agus an fáth leis sin) d’oibreoirí ar bhealach sothuigthe."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.7","intitule":"Suíomhanna oibriúcháin","texte":["Déanfar an suíomh oibriúcháin a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar gach riosca de bharr gáis sceite nó easpa ocsaigine.","Má tá an t-innealra nó an táirge gaolmhar beartaithe lena úsáid i dtimpeallacht ghuaiseach lena mbaineann rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht an oibreora, nó má bhíonn timpeallacht ghuaiseach ann de dheasca an innealra nó an táirge ghaolmhair féin, déanfar acmhainní leormhaithe a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh dálaí maithe oibre ag an oibreoir agus go gcosnófar é ar aon ghuais intuartha.","I gcás inarb iomchuí, feisteofar an suíomh oibriúcháin le cábán leormhaith a dhéanfar a dhearadh, a thógáil nó a fheistiú chun na ceanglais thuas a chomhlíonadh. Ní mór a bheith in ann éalú tríd an mbealach amach go tapa. Thairis sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfear bealach éalaithe ar fáil i dtreo atá éagsúil leis an ngnáthbhealach amach."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.8","intitule":"Suíocháin","texte":["I gcás inarb iomchuí agus de réir mar a cheadaítear sna dálaí oibre, déanfar stáisiúin oibre ar cuid dhílis den innealra nó den táirge gaolmhar iad a dhearadh sa chaoi gur féidir suíocháin a shuiteáil iontu.","Má tá sé beartaithe an t-oibreoir a bheith ina shuí nó ina suí le linn oibriúcháin, agus más cuid dhílis den innealra nó den táirge gaolmhar an suíomh oibriúcháin, soláthrófar an suíochán leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar.","Ní mór an t-oibreoir a bheith in ann suí go socair ar an suíochán. Ina theannta sin, beifear in ann an suíochán, agus a fhad ó na feistí rialaithe, a chur in oiriúint don oibreoir.","Má bhaineann creathanna don innealra nó don táirge gaolmhar, déanfar an suíochán a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar na creathanna a sheoltar chuig an oibreoir go dtí an leibhéal is ísle is féidir go réasúnta. Beidh na gléasanna suíocháin in ann seasamh in aghaidh gach strus ar féidir teacht ina gcoinne. I gcás nach bhfuil urlár faoi chosa an oibreora, déanfar tacaí coise a sholáthar a mbeidh clúdach d’ábhar frithshleamhain orthu."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.1.9","intitule":"Cosaint ar éilliú","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcruthófar dálaí contúirte má dhéantar é a cheangal le feiste eile, trí aon ghné den feiste cheangailte féin nó trí aon chianfheiste a dhéanann cumarsáid leis an innealra nó an táirge gaolmhar.","Comhpháirt chrua-earraí lena dtarchuirtear comhartha nó sonraí, atá ábhartha chun ceangail le bogearraí nó rochtain a fháil ar bhogearraí atá ríthábhachtach chun go mbeidh na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha á gcomhlíonadh ag an innealra nó an táirge gaolmhar, déanfar í a dhearadh sa chaoi go mbeidh cosaint leormhaith aici ar éilliú a dhéantar de thaisme nó d’aon ghnó. Baileoidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar fianaise maidir le hidirghabháil dhlisteanach nó neamhdhlisteanach sa chomhpháirt crua-earraí sin, nuair is ábhartha chun ceangal le bogearraí nó rochtain a fháil ar bhogearraí atá fíor-thábhachtach le haghaidh chomhlíonadh an innealra nó an táirge ghaolmhair.","Bogearraí agus sonraí atá ríthábhachtach chun go mbeidh na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha á gcomhlíonadh ag an innealra nó an táirge gaolmhar, déanfar iad a shainaithint amhlaidh agus déanfar iad a chosaint go leordhóthanach ar éilliú a dhéantar de thaisme nó d’aon ghnó.","Leis an innealra nó an táirge gaolmhar, sainaithneofar na bogearraí atá suiteáilte air, ar bogearraí iad atá riachtanach chun gur féidir leis oibriú go sábháilte, agus beidh sé in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil i gcónaí ar bhealach ar féidir teacht uirthi go héasca.","Leis an innealra nó an táirge gaolmhar, baileofar fianaise maidir le hidirghabháil dhlisteanach nó neamhdhlisteanach sna bogearraí nó maidir le modhnú ar na bogearraí atá suiteáilte ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar a gcumraíocht."],"categorie":"generalites","categorieLib":"Barúlacha ginearálta","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.1","intitule":"Sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe","texte":["Déanfar córais rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ndéanfar teacht chun cinn dálaí contúirte a chosc.","Déanfar córais rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi:","(a)","go mbeidh siad, i gcás inarb iomchuí ó thaobh na n-imthosca agus na rioscaí de, in ann na struis oibriúcháin atá beartaithe agus na tionchair sheachtracha atá beartaithe agus neamhbheartaithe a sheasamh, lena n-áirítear iarrachtaí mailíseacha ó thríú páirtithe, ar iarrachtaí iad is féidir a thuar go réasúnta, a mbeadh dála contúirte mar thoradh orthu;","(b)","nach mbeidh dálaí contúirte mar thoradh ar locht i gcrua-earraí nó i loighic an chórais rialaithe;","(c)","nach mbeidh dálaí contúirte mar thoradh ar earráidí i loighic an chórais rialaithe;","(d)","go bhfuil teorainneacha na bhfeidhmeanna sábháilteachta le bunú mar chuid den mheasúnú riosca arna dhéanamh ag an monaróir agus nach gceadófar aon mhodhnú ar na socruithe ná ar na rialacha arna nginiúint ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar nó ag oibreoirí, lena n-áirítear le linn chéim foghlama an innealra nó an táirge ghaolmhair, i gcás ina bhféadfadh dálaí contúirte a bheith mar thoradh ar na modhnuithe sin;","(e)","nach mbeidh dálaí contúirte mar thoradh ar earráidí daonna atá measartha intuartha le linn an oibriúcháin;","(f)","go ndéanfar loga rianaithe na sonraí arna nginiúint i ndáil le hidirghabháil agus na leaganacha de bhogearraí sábháilteachta arna n-uaslódáil tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó i seirbhís a chumasú ar feadh cúig bliana tar éis na huaslódála sin, go heisiach chun comhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair leis an Iarscríbhinn seo a léiriú i dtaca le hiarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta.","Córais rialaithe an innealra nó na dtáirgí gaolmhara ag a bhfuil iompraíocht nó loighic fhéinathraitheach go hiomlán nó go páirteach agus atá deartha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi seo a leanas:","(a)","nach mbeidh siad ina gcúis leis an innealra nó an táirge gaolmhar gníomhaíochtaí a dhéanamh thar an gcúram agus an spás gluaiseachta a shainítear;","(b)","go gcumasófar sonraí a thaifeadadh maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann le sábháilteacht le haghaidh córais sábháilteachta atá bunaithe ar bhogearraí lena n-áirithítear feidhm sábháilteachta, lena n-áirítear comhpháirteanna sábháilteachta, tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó i seirbhís, agus go gcoinneofar na sonraí sin ar feadh bliain amháin tar éis a mbailithe, go heisiach chun comhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair leis an Iarscríbhinn seo a léiriú i dtaca le hiarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta;","(c)","go mbeidh sé indéanta an t-innealra nó an táirge gaolmhar a cheartú i gcónaí chun a shábháilteacht bhunúsach a choimeád.","Tabharfar aird faoi leith ar na pointí seo a leanas:","(a)","ní thosóidh an t-innealra ná an táirge gaolmhar gan choinne;","(b)","ní thiocfaidh athrú ar pharaiméadair an innealra nó an táirge ghaolmhair ar bhealach neamhrialaithe, i gcás ina bhféadfadh an t-athrú sin dálaí contúirte a chruthú;","(c)","coiscfear modhnuithe ar na socruithe nó ar na rialacha, arna nginiúint ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar nó ag oibreoirí, lena n-áirítear le linn chéim foghlama an innealra nó an táirge ghaolmhair, i gcás ina bhféadfadh dálaí contúirte a bheith mar thoradh ar na modhnuithe sin;","(d)","ní chuirfear cosc ar an innealra nó an táirge gaolmhar stopadh más rud é gur tugadh an t-ordú stoptha cheana;","(e)","ní thitfidh ná ní eisteilgfear aon pháirt ghluaisteach den innealra nó den táirge gaolmhar nó píosa atá ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar;","(f)","ní chuirfear bac ar stopadh uathoibríoch nó stopadh de láimh na bpáirteanna gluaisteacha, cibé páirt iad féin;","(g)","beidh na feistí cosanta lán-éifeachtach i gcónaí nó tabharfaidh siad ordú stoptha;","(h)","beidh feidhm ag páirteanna an chórais rialaithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhealach comhleanúnach maidir le cóimeáil iomlán innealra nó táirgí gaolmhara nó maidir le hinnealra páirtchríochnaithe, nó maidir le teaglaim díobh sin.","Maidir le rialú gan sreang, má mhainníonn an chumarsáid nó an ceangal nó má bhíonn nasc lochtach ann, ní chruthófar dála contúirte dá bharr."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.2","intitule":"Feistí rialaithe","texte":["Is mar seo a leanas a bheidh na feistí rialaithe:","(a)","infheicthe agus inaitheanta go soiléir, agus picteagraim a n-úsáid acu i gcás inarb iomchuí;","(b)","suite sa chaoi go mbeifear in ann iad a oibriú go sábháilte gan mhoilleadóireacht ná diomailt ama agus gan doiléireacht;","(c)","deartha sa chaoi go mbeidh gluaiseacht na feiste rialaithe i gcomhréir lena héifeacht;","(d)","suite lasmuigh de na criosanna contúirte, seachas i gcás inar gá i leith feistí rialaithe áirithe, amhail stop éigeandála nó rialaitheoir teagaisc;","(e)","suite sa chaoi nach mbeidh riosca breise ann de bharr a n-oibrithe;","(f)","deartha nó cosanta sa chaoi nach mbeifear in ann an éifeacht inmhianaithe a ghnóthú ach amháin le gníomh a dhéantar d’aon ghnó i gcás inarb ann do ghuais;","(g)","déanta sa chaoi go mbeidh siad in ann fórsaí intuartha a sheasamh, agus aird ar leith á tabhairt ar stopfheistí éigeandála a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ag fórsaí suntasacha.","I gcás ina bhfuil feiste rialaithe deartha agus tógtha chun roinnt gníomhaíocht éagsúla a dhéanamh, eadhon i gcás nach bhfuil an ghníomhaíocht soiléir, déanfar an ghníomhaíocht atá le déanamh a thaispeáint go soiléir agus a chur faoi réir dearbhú, i gcás inar gá.","Déanfar na feistí rialaithe a eagrú sa chaoi go mbeidh a leagan amach, a mbogadh agus a bhfriotaíocht in aghaidh oibriúcháin comhoiriúnach leis an ngníomhaíocht atá le déanamh, agus aird á tabhairt ar na prionsabail eirgeanamaíocha.","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a fheistiú le táscairí de réir mar is gá le haghaidh oibriú sábháilte. Beidh an t-oibreoir in ann iad a léamh ón suíomh rialaithe.","Beidh an t-oibreoir in ann a áirithiú ó gach suíomh rialaithe nach bhfuil aon duine sna criosanna contúirte, nó déanfar an córas rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear an tosú agus duine sa chrios contúirte.","Mura bhfuil ceachtar den dá fhéidearthacht sin infheidhme, tabharfar comhartha rabhaidh fuaime agus/nó físe roimh don innealra nó don táirge gaolmhar tosú. Beidh am ag na daoine neamhchosanta chun an crios contúirte a fhágáil nó tosú an innealra a chosc.","Déanfar acmhainní a sholáthar más gá chun a áirithiú nach féidir an t-innealra nó an táirge gaolmhar a rialú ach amháin ó na suíomhanna rialaithe atá suite i gcriosanna nó i suíomhanna réamhshocraithe amháin nó níos mó.","I gcás gur ann do níos mó ná suíomh rialaithe amháin, déanfar an córas rialaithe a dhearadh sa chaoi go gcoiscfear le húsáid ceann amháin acu úsáid na gceann eile, seachas i gcás stoprialtán agus stopanna éigeandála.","Nuair atá dhá shuíomh oibriúcháin nó níos mó ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar, soláthrófar gach suíomh leis na feistí rialaithe is gá gan na hoibreoirí ag cur bac ar a chéile ná a chéile a chur i ndála contúirte."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.3","intitule":"Tosú","texte":["Ní bheifear in ann an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar siúl ach amháin le gníomhrú deonach de chuid feiste rialaithe a sholáthraítear chun na críche sin.","Bíonn feidhm ag an riachtanas céanna sna cásanna seo a leanas:","(a)","nuair a atosaítear an t-innealra nó an táirge gaolmhar tar éis stopadh, cibé cúis a bhaineann leis;","(b)","nuair a dhéantar athrú suntasach sna dálaí oibriúcháin.","Mar sin féin, féadfar atosú an innealra nó an táirge ghaolmhair nó athrú ar na dálaí oibriúcháin a dhéanamh trí ghníomhrú deonach de chuid feiste seachas an fheiste rialaithe a sholáthraítear chun na críche sin, ar choinníoll nach mbeidh dála contúirte mar thoradh air.","I gcás an innealra nó an táirge ghaolmhair a fheidhmíonn sa mhód uathoibríoch, d’fhéadfadh tosú an innealra nó an táirge ghaolmhair, atosú tar éis stopadh, nó athrú ar na dálaí oibriúcháin a bheith indéanta gan idirghabháil a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh dála contúirte mar thoradh ar an méid sin.","I gcás ina bhfuil roinnt feistí rialaithe um thosú ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar agus, dá bhrí sin, gur féidir na hoibreoirí a chéile a chur i mbaol, feisteofar feistí breise chun na rioscaí sin a chur as an áireamh. Más rud é go n-éilítear leis an tsábháilteacht an tosú agus/nó an stopadh a dhéanamh i seicheamh sonrach, beidh feistí ann chun a áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí sin san ord ceart."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.4","intitule":"Stopadh","texte":[],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.4.1","intitule":"An gnáthstop","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a fheistiú le feiste rialaithe lenar féidir an t-innealra a stopadh go hiomlán ar bhealach sábháilte.","Déanfar gach stáisiún oibre a fheistiú le feiste rialaithe chun roinnt feidhmeanna nó gach feidhm den innealra nó den táirge gaolmhar a stopadh, ag brath ar na guaiseacha atá ann, chun an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhéanamh sábháilte.","Tabharfar tosaíocht do stoprialtán an innealra nó an táirge ghaolmhair thar na rialtáin tosaithe.","A luaithe a bheidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar nó a fheidhmeanna guaiseacha stoptha, déanfar soláthar fuinnimh na ngníomhróirí lena mbaineann a ghearradh."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.4.2","intitule":"An stop oibríochta","texte":["I gcás inar gá, ar chúiseanna oibríochta, stoprialtán nach ngearrann soláthar fuinnimh na ngníomhróirí, déanfar faireachán agus cothabháil ar an staid stoptha."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.4.3","intitule":"An stop éigeandála","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a fheistiú le stopfheiste éigeandála amháin nó níos mó chun gur féidir contúirt iarbhír nó contúirt atá ag bagairt a sheachaint.","Tá feidhm ag na heisceachtaí seo a leanas:","(a)","an t-innealra nó an táirge gaolmhar nach laghdódh stopfheiste éigeandála an riosca, toisc nach laghdódh sí an t-am stoptha nó toisc nach gcumasódh sí na bearta speisialta is gá chun dul i ngleic leis an riosca a ghlacadh;","(b)","innealra nó táirgí gaolmhara iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh","Maidir leis an bhfeiste:","(a)","beidh feistí rialaithe aici atá inaitheanta go soiléir, infheicthe go soiléir agus inrochtana go mear;","(b)","cuirfidh sí stop leis an bpróiseas guaiseach chomh tapa agus is féidir, gan rioscaí breise a chruthú;","(c)","i gás inar gá, spreagfaidh sí gluaiseachtaí cosanta áirithe nó ceadóidh sí spreagadh gluaiseachtaí cosanta áirithe.","A luaithe a scoirfear d’oibriú gníomhach na stopfheiste éigeandála tar éis ordú stoptha, leanfar den ordú sin tríd an stopfheiste éigeandála a oibriú go dtí go sárófar go sonrach an t-oibriú sin; ní bheifear in ann an feiste a oibriú gan ordú stoptha a spreagadh; ní fhéadfar an feiste a dhíscor ach amháin le hoibríocht iomchuí a dhéanamh, agus ní hé go n-atosófar an t-innealra nó an táirge gaolmhar uair a dhéanfar an feiste a dhíscor, ach ceadófar é a atosú.","Beidh an fheidhm stop éigeandála ar fáil agus oibríochtúil i gcónaí, beag beann ar an mód oibriúcháin.","Beidh na stopfheistí éigeandála ina gcúltaca le bearta coimirce eile agus ní chuirfear iad in áit na mbeart sin."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.4.4","intitule":"Cóimeáil innealra nó táirgí gaolmhara","texte":["I gcás innealra nó táirge gaolmhar nó páirteanna d’innealra nó táirge gaolmhar atá deartha chun oibriú le chéile, déanfar innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir leis na stoprialtáin, lena n-áirítear na stopfheistí éigeandála, stop a chur ní hamháin leis an innealra nó an táirge gaolmhar féin ach leis an trealamh uile a bhaineann leis freisin, dá mba rud é go mbeadh contúirt ann dá leanfaí ar aghaidh lena oibriúchán."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.5","intitule":"Roghnú mód rialaithe nó oibriúcháin","texte":["Déanfaidh an mód rialaithe nó oibriúcháin arna roghnú gach mód rialaithe nó oibriúcháin eile a shárú, cé is moite den stop éigeandála.","Má rinneadh an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil chun gur féidir é a úsáid i roinnt móid rialaithe nó oibriúcháin a éilíonn bearta cosanta agus/nó nósanna imeachta éagsúla, déanfar é a fheistiú le roghnóir móid ar féidir é a ghlasáil i ngach suíomh. Beidh gach suíomh den roghnóir inaitheanta go soiléir agus comhfhreagróidh sé do mhód oibriúcháin nó rialaithe aonair.","Is féidir an roghnóir a athsholáthar le modh roghnúcháin eile, lena gcuirtear srian le húsáid fheidhmeanna áirithe an innealra nó an táirge ghaolmhair maidir le catagóirí áirithe oibreoirí.","Más rud é, le haghaidh oibríochtaí áirithe, go mbeidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar in ann oibriú le sciath atá curtha as áit nó bainte de agus/nó le feiste cosanta atá díchumasaithe, déanfaidh an roghnóir móid rialaithe nó oibriúcháin an méid seo a leanas go comhuaineach:","(a)","díchumasóidh sé gach mód rialaithe nó oibriúcháin eile;","(b)","ní cheadóidh sé oibriú feidhmeanna guaiseacha ach amháin trí fheistí rialaithe a éilíonn gníomh marthanach;","(c)","ní cheadóidh sé oibriú feidhmeanna guaiseacha ach amháin i ndálaí riosca laghdaithe agus guaiseacha ó sheichimh nasctha á gcosc;","(d)","cuirfidh sé cosc le haon oibriú feidhmeanna guaiseacha trí ghníomh deonach nó neamhdheonach ar bhraiteoirí an innealra nó an táirge ghaolmhair.","Mura féidir na ceithre choinníoll sin a chomhlíonadh go comhuaineach, déanfaidh an roghnóir móid rialaithe nó oibriúcháin bearta cosanta eile a ghníomhachtú atá deartha agus déanta chun crios idirghabhála sábháilte a áirithiú.","Ina theannta sin, beidh an t-oibreoir in ann na páirteanna a bhfuil sé nó sí i mbun oibre orthu a rialú ón bpointe coigeartaithe."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.2.6","intitule":"Cliseadh an tsoláthair cumhachta nó cliseadh cheangal an líonra cumarsáide","texte":["Ní bheidh dálaí contúirte ann mar thoradh ar bhriseadh, ar athbhunú tar éis briseadh nó ar luaineacht, i gcibé foirm, sa soláthair cumhachta nó i gceangal an líonra cumarsáide leis an innealra nó an táirge gaolmhar.","Tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas:","(a)","ní thosóidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar gan choinne;","(b)","ní athróidh paraiméadair an innealra ar bhealach neamhrialaithe nuair a d’fhéadfadh dálaí contúirte a bheith mar thoradh ar athrú den sórt sin;","(c)","ní chuirfear cosc ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar stopadh más rud é gur tugadh an t-ordú stoptha cheana;","(d)","ní thitfidh ná ní eisteilgfear aon pháirt ghluaisteach den innealra nó den táirge gaolmhar nó aon phíosa atá ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar;","(e)","ní chuirfear bac ar stopadh uathoibríoch nó stopadh de láimh na bpáirteanna gluaisteacha, cibé páirt iad féin;","(f)","beidh na feistí cosanta lán-éifeachtach i gcónaí nó tabharfaidh siad ordú stoptha."],"categorie":"commandes","categorieLib":"Córais rialaithe","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.1","intitule":"Riosca caillteanais cobhsaíochta","texte":["Beidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar agus a chomhpháirteanna agus a fheistithe cobhsaí go leor chun iompú bunoscionn, titim nó gluaiseachtaí neamhrialaithe a chosc le linn iompair, cóimeála, díchóimeála agus le linn aon ghníomhaíocht eile a bhaineann leis an innealra nó an táirge gaolmhar.","Mura bhfuil cobhsaíocht leordhóthanach ag baint le cruth an innealra nó an táirge ghaolmhair féin ná leis an tsuiteáil atá beartaithe dó, déanfar modhanna iomchuí ancaireachta a áireamh agus a léiriú sna treoracha úsáide."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.2","intitule":"Riosca an bhriste suas le linn oibriúcháin","texte":["Beidh na páirteanna éagsúla den innealra nó den táirge gaolmhar agus a naisc in ann seasamh i gcoinne na strus a chuirtear orthu agus iad á n-úsáid.","Beidh inmharthanacht na n-ábhar a úsáidtear leormhaith don chineál timpeallachta oibre a bhfuil coinne ag an monaróir leis, go háirithe maidir le feiniméin na strustuirse, an aosaithe, an chreimthe agus scríobtha.","Léireoidh na treoracha úsáide cineál agus minice na n-iniúchtaí agus na cothabhála is gá ar mhaithe le cúiseanna sábháilteachta. Cuirfidh siad in iúl, i gcás inarb iomchuí, na páirteanna atá faoi réir caithimh agus na critéir maidir le hathsholáthar.","I gcás ina mbíonn riosca réabtha nó díscaoilte ann d’ainneoin na mbeart a glacadh, déanfar na páirteanna lena mbaineann a fheistiú, a shuí nó a chosaint sa chaoi go gcoinneofar smacht ar aon bhloghanna, rud a choiscfidh dálaí contúirte.","Píobáin dholúbtha agus sholúbtha trína ngabhann leachtanna, go háirithe iad siúd faoi ardbhrú, beidh siad in ann seasamh i gcoinne na strus intuartha inmheánach agus seachtrach agus beidh siad greamaithe go daingean nó faoi chosaint chun a áirithiú, i gcás réabadh, nach mbeidh aon riosca ann.","I gcás ina gcuirtear an t-ábhar atá le próiseáil isteach san uirlis go huathoibríoch, déanfar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh chun rioscaí do dhaoine a sheachaint:","(a)","nuair a bhíonn teagmháil ag an bpáirt oibre leis an uirlis, beidh a gnáthdhála oibre bainte amach ag an uirlis;","(b)","nuair a thosaíonn agus/nó nuair a stopann an uirlis (d’aon ghnó nó de thaisme), déanfar an ghluaiseacht fothaithe agus an ghluaiseacht uirlise a chomhordú."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.3","intitule":"Rioscaí de bharr rudaí ag titim nó rudaí eisteilgthe","texte":["Déanfar réamhchúraimí a ghlacadh chun rioscaí ó rudaí atá ag titim nó rudaí eisteilgthe a chosc."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.4","intitule":"Rioscaí de bharr dromchlaí, ciumhaiseanna nó uillinneacha","texte":["A mhéid a cheadaítear é leis an rud is cuspóir dóibh, ní bheidh ciumhaiseanna géara, uillinneacha géara ná dromchlaí garbha ar dócha dóibh díobháil a dhéanamh ag páirteanna inrochtana an innealra ná an táirge ghaolmhair."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.5","intitule":"Rioscaí a bhaineann le hinnealra teaglamaithe nó táirge gaolmhar","texte":["I gcás ina mbeartaítear roinnt oibríochtaí éagsúla a dhéanamh leis an innealra nó an táirge gaolmhar agus an píosa a bhaint de láimh idir gach oibríocht (innealra teaglamaithe nó táirge gaolmhar), déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir gach eilimint a úsáid ar leithligh gan na heilimintí eile a bheith ina riosca do dhaoine neamhchosanta.","Chun na críche sin, beifear in ann aon eilimintí nach bhfuil cosanta a thosú agus a stopadh ar leithligh."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.6","intitule":"Rioscaí a bhaineann le héagsúlachtaí i ndálaí oibriúcháin","texte":["I gcás ina ndéantar oibríochtaí leis an innealra nó an táirge gaolmhar faoi dhálaí úsáide éagsúla, déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir roghnú agus coigeartú na ndálaí sin a dhéanamh go sábháilte agus go hiontaofa."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.7","intitule":"Rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha","texte":["Déanfar na páirteanna gluaisteachta den innealra nó den táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear rioscaí teagmhála a bhféadfadh tionóiscí teacht astu nó, i gcás ina mbeidh rioscaí fós ann, feisteofar iad le sciatha nó le feistí cosanta.","Déanfar gach beart is gá chun calcadh timpisteach na bpáirteanna gluaisteacha a chosc. Sna cásanna inar dócha go dtarlóidh calcadh, d’ainneoin na réamhchúraimí arna nglacadh, déanfar na feistí cosanta agus na huirlisí sonracha is gá a sholáthar, i gcás inarb iomchuí, chun díchalcadh sábháilte an trealaimh a chumasú.","Is leis na treoracha úsáide agus, i gcás inar féidir, le comhartha ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a shainaithneofar na feistí cosanta sonracha sin agus an chaoi ar cheart iad a úsáid.","Déanfar an cosc ar rioscaí teagmhála as a n-eascraíonn dálaí contúirte agus an strus síceolaíoch a d’fhéadfadh teacht as an idirghníomhaíocht leis an innealra a chur in oiriúint do na nithe seo a leanas:","(a)","cómhaireachtáil idir an duine agus an meaisín i spás comhroinnte gan comhoibriú díreach;","(b)","idirghníomhaíocht idir duine agus an meaisín."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.8","intitule":"Rogha cosanta ar rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha","texte":["Na sciatha nó feistí cosanta atá deartha chun cosaint a thabhairt ar rioscaí a eascraíonn as páirteanna gluaisteacha, roghnófar iad ar bhonn an chineáil riosca. Bainfear leas as na treoirlínte seo a leanas chun cuidiú leis an rogha a dhéanamh."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.8.1","intitule":"Páirteanna trais-seolta gluaisteacha","texte":["Na sciatha atá ceaptha le daoine a chosaint ó na guaiseacha a chruthaíonn páirteanna trais-seolta gluaisteacha, is mar seo a leanas a bheidh siad:","(a)","ina sciatha daingne dá dtagraítear i roinn 1.4.2.1; nó","(b)","ina sciatha inghluaiste comhghlasála dá dtagraítear i roinn 1.4.2.2.","Bainfear úsáid as sciatha inghluaiste comhghlasála i gcás ina mbeidh rochtain rialta beartaithe."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.8.2","intitule":"Páirteanna gluaisteacha atá páirteach sa phróiseas","texte":["Na sciatha nó na feistí cosanta atá deartha le daoine a chosaint ar na guaiseacha a chruthaítear le páirteanna gluaisteacha atá páirteach sa phróiseas, is mar seo a leanas a bheidh siad:","(a)","ina sciatha daingne dá dtagraítear i roinn 1.4.2.1; nó","(b)","ina sciatha inghluaiste comhghlasála dá dtagraítear i roinn 1.4.2.2; nó","(c)","ina bhfeistí cosanta dá dtagraítear i roinn 1.4.3; nó","(d)","ina dteaglaim den mhéid thuas.","Mar sin féin, na páirteanna gluaisteacha a bhíonn páirteach go díreach sa phróiseas, nuair nach féidir leo a bheith dorochtana go hiomlán le linn an oibrithe de bharr oibríochtaí a éilíonn idirghabháil oibreora, feisteofar na páirteanna sin leis an méid seo a leanas:","(a)","sciatha daingne nó sciatha inghluaiste comhghlasála lena gcoisctear rochtain ar na codanna sin de na páirteanna nach bhfuil in úsáid san obair; agus","(b)","sciatha insocraithe dá dtagraítear i roinn 1.4.2.3 lena gcuirtear srian le rochtain ar na codanna sin de na páirteanna gluaisteacha ar a mbíonn rochtain de dhíth."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.3.9","intitule":"Rioscaí na ngluaiseachtaí neamhrialaithe","texte":["Nuair atá stop curtha le páirt den innealra nó den táirge gaolmhar, aon ghluaisteacht ón áit ar tharla an stopadh, ar aon chúis seachas gníomh a dhéantar ar na feistí rialaithe, coiscfear í nó gluaiseacht a bheidh ann nach mbeidh riosca ag baint léi."],"categorie":"risques_mecaniques","categorieLib":"Rioscaí meicniúla","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.4.1","intitule":"Ceanglais ghinearálta","texte":["Maidir leis na sciatha agus na feistí cosanta:","(a)","beidh déanamh láidir acu;","(b)","beidh siad feistithe go daingean;","(c)","ní bheidh siad ina gcúis le haon ghuais bhreise;","(d)","ní bheidh sé éasca dul timpeall orthu ná iad a chur as feidhm;","(e)","beidh siad suite achar leormhaith ón gcrios contúirte;","(f)","cruthóidh siad an bac is íosta ar radharc an phróisis táirgthe, agus;","(g)","déanfaidh siad obair riachtanach ar shuiteáil agus/nó athsholáthar uirlisí a chumasú, agus chun críoch cothabhála trí rochtain a theorannú go heisiach ar an limistéar inar gá an obair a dhéanamh, más féidir, gan gá a bheith ann an sciath nó an fheiste chosanta a dhíchumasú.","Ina theannta sin, beidh sciatha ina gcosaint, i gcás inar féidir, ar eisteilgean nó titim ábhar nó rudaí, agus ar astaíochtaí a ghineann an t-innealra nó an táirge gaolmhar."],"categorie":"protections","categorieLib":"Sciatha agus feistí cosanta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.4.2","intitule":"Ceanglais speisialta maidir le sciatha","texte":[],"categorie":"protections","categorieLib":"Sciatha agus feistí cosanta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.4.2.1","intitule":"Sciatha daingnithe","texte":["Déanfar sciatha daingnithe a dhaingniú le córais nach féidir a oscailt ná a bhaint ach le huirlisí.","Beidh na córais um dhaingniú ceangailte i gcónaí leis na sciatha nó leis an innealra nó an táirge gaolmhar nuair a bhainfear na sciatha.","I gcás inar féidir, ní bheidh sciatha in ann coinneáil in áit gan a ndaingnitheoirí."],"categorie":"protections","categorieLib":"Sciatha agus feistí cosanta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.4.2.2","intitule":"Sciatha inghluaiste comhghlasála","texte":["Maidir leis na sciatha inghluaiste chomhghlasála:","(a)","fanfaidh siad ceangailte a mhéid is féidir leis an innealra nó an táirge gaolmhar agus iad ar oscailt;","(b)","déanfar iad a dhearadh agus a thógail sa chaoi nach mbeifear in ann iad a choigeartú ach amháin trí ghníomh a dhéantar d’aon ghnó.","Beidh na sciatha inghluaiste ceangailte le feiste chomhghlasála a dhéanfaidh an méid seo a leanas:","(a)","cosc a chur ar thosú fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair go dtí go ndúnfar na sciatha sin; agus","(b)","ordú stoptha a thabhairt nuair nach bhfuil na sciatha sin dúnta a thuilleadh.","I gcás inar féidir le hoibreoir teacht ar an gcrios contúirte sula mbeidh deireadh leis an riosca de bharr fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair, beidh na sciatha inghluaiste ceangailte le feiste glasála sciath sa bhreis ar fheiste chomhghlasála a dhéanfaidh an méid seo a leanas:","(a)","cosc a chur ar thosú fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair go dtí go ndúnfar agus go nglasálfar an sciath; agus","(b)","an sciath a choinneáil dúnta agus glasáilte go dtí go mbeidh deireadh leis an riosca gortaithe ó fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair.","Déanfar na sciatha inghluaiste comhghlasála a dhearadh sa chaoi, i gcás cliseadh nó easnamh ceann amháin dá gcomhpháirteanna, go gcoiscfear tosú nó go gcuirfear stop le feidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair."],"categorie":"protections","categorieLib":"Sciatha agus feistí cosanta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.4.2.3","intitule":"Sciatha insocraithe lena gcuirtear srian le rochtain","texte":["Na sciatha insocraithe lena gcuirtear srian le rochtain ar na limistéir sin de na páirteanna gluaisteacha a bhfuil fíorghá leo le haghaidh na hoibre, beidh siad:","(a)","insocraithe de láimh nó go huathoibríoch, ag brath ar an gcineál oibre lena mbaineann; agus","(b)","insocraithe go héasca gan uirlisí a úsáid."],"categorie":"protections","categorieLib":"Sciatha agus feistí cosanta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.4.3","intitule":"Ceanglais speisialta le haghaidh feistí cosanta","texte":["Déanfar na feistí cosanta a dhearadh agus a ionchorprú sa chóras rialaithe sa chaoi:","(a)","nach mbeifear in ann páirteanna gluaisteacha a chur ar siúl agus iad fad láimhe ón oibreoir;","(b)","nach mbeidh daoine in ann síneadh chomh fada le páirteanna gluaisteacha agus na páirteanna ag gluaiseacht, agus","(c)","go gcoiscfear tosú nó go stopfar na páirteanna gluaisteacha i gcás easnamh nó cliseadh ar cheann de na comhpháirteanna.","Ní bheidh na feistí cosanta insocraithe ach amháin trí ghníomh a dhéantar d’aon ghnó."],"categorie":"protections","categorieLib":"Sciatha agus feistí cosanta","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.1","intitule":"Soláthar leictreachais","texte":["I gcás ina bhfuil soláthar leictreachais ag innealra nó ag táirgí gaolmhara, déanfar iad a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear guaiseacha uile de chineál leictreach nó gur féidir na guaiseacha sin a chosc.","Beidh feidhm ag na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE maidir leis an innealra nó na táirgí gaolmhara. Mar sin féin, is leis an Rialachán seo amháin a rialaítear na hoibleagáidí ó thaobh rioscaí leictreachais de a bhaineann le measúnú comhréireachta agus le hinnealra nó táirgí gaolmhara a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.2","intitule":"Leictreachas statach","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil chun carnadh luchtanna leictreastatacha a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a chosc nó a theorannú agus/nó feisteofar iad le córas díluchtaithe."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.3","intitule":"Soláthar fuinnimh seachas an leictreachas","texte":["I gcás ina gcumhachtaítear innealra nó táirgí gaolmhara le foinse fuinnimh seachas an leictreachas, déanfar iad a dhearadh, a thógail agus a fheistiú chun gach riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na foinsí fuinnimh sin a sheachaint."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.4","intitule":"Earráidí maidir le feistiú","texte":["Más amhlaidh atá earráidí ann is dócha a dhéanfar agus páirteanna áirithe á bhfeistiú nó á n-athfheistiú agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca, féachfar chuige, trí dhearadh agus déanamh páirteanna den sórt sin, nó mura féidir sin, trí fhaisnéis a lua ar na páirteanna féin nó ar a gcásáil, nach bhféadfar na hearráidí sin a dhéanamh. Tabharfar an fhaisnéis chéanna maidir le páirteanna gluaisteacha nó maidir lena gcásáil i gcás inar gá treo na gluaiseachta a bheith ar eolas chun riosca a sheachaint.","I gcás inar gá, tabharfar breis faisnéise sna treoracha úsáide maidir leis na rioscaí sin.","I gcás inar féidir ceangal lochtach a bheith ina riosca, féachfar chuige, trí dhearadh nó, mura féidir sin, trí fhaisnéis a lua ar na heilimintí atá le ceangal agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna ceangailte, nach bhféadfar ceangail mhíchearta a dhéanamh."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.5","intitule":"Teochtaí foircneacha","texte":["Déanfar bearta chun deireadh a chur le haon riosca gortaithe a thagann as teagmháil le páirteanna an innealra nó na dtáirgí gaolmhara nó le hábhair atá faoi theocht ard nó fíor-íseal, nó as cóngar do pháirteanna nó d’ábhair den sórt sin.","Déanfar na bearta is gá freisin chun an riosca go n-eisteilgfear ábhar te nó fíorfhuar a sheachaint nó cosaint a thabhairt ar an riosca sin."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.6","intitule":"Dóiteán","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar aon riosca dóiteáin nó róthéimh a bhaineann leis an innealra nó an táirge gaolmhar féin nó le gáis, leachtanna, deannach, gala nó substaintí eile a tháirgeann nó a úsáideann an t-innealra nó an táirge gaolmhar."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.7","intitule":"Pléascadh","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar aon riosca pléasctha a bhaineann leis an innealra nó an táirge gaolmhar féin nó le gáis, leachtanna, deannach, gala nó le substaintí eile a tháirgeann nó a úsáideann an t-innealra nó an táirge gaolmhar.","Déanfaidh innealra nó táirgí gaolmhara forálacha reachtaíocht shonrach an Aontais um chomhchuibhiú a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann sé leis an riosca pléasctha de bharr a n-úsáide in atmaisféar pléascach."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.8","intitule":"Torann","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar rioscaí a eascraíonn as astaíocht torainn aeriompartha go dtí an leibhéal is ísle, agus aird á tabhairt ar dhul chun cinn teicniúil agus ar na modhanna atá ar fáil chun torann a laghdú, go háirithe ag an bhfoinse.","Is féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal na hastaíochta torainn trí thagairt a dhéanamh do shonraí comparáideacha maidir le hastaíochtaí d’innealra comhchosúil nó do tháirgí gaolmhara comhchosúla."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.9","intitule":"Creathanna","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar rioscaí a thagann as creathanna a dhéanann an t-innealra nó an táirge gaolmhar go dtí an leibhéal is ísle, agus aird á tabhairt ar dhul chun cinn teicniúil agus ar na modhanna atá ar fáil chun creathadh a laghdú, go háirithe ag an bhfoinse.","Is féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal na hastaíochta creatha trí thagairt a dhéanamh do shonraí comparáideacha maidir le hastaíochtaí d’innealra comhchosúil nó do tháirgí gaolmhara comhchosúla."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.10","intitule":"Radaíocht","texte":["Déanfar astaíochtaí radaíochta neamh-inmhianaithe ón innealra nó ó na táirgí gaolmhara a dhíothú nó a laghdú go dtí leibhéil nach bhfuil tionchar diúltach acu ar dhaoine.","Déanfar aon astaíochtaí radaíochta ianúcháin feidhmeacha a theorannú don leibhéal is ísle, ar leor é d’fheidhmiú cuí an innealra nó an táirge ghaolmhair le linn socrú, oibriú agus glanadh. I gcás ina bhfuil riosca ann, glacfar na bearta cosanta is gá.","Déanfar aon astaíochtaí radaíochta neamh-ianúcháin feidhmeacha le linn socrú, oibriú agus glanadh a theorannú do leibhéil nach bhfuil tionchar diúltach acu ar dhaoine."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.11","intitule":"Radaíocht sheachtrach","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcuirfidh radaíocht sheachtrach isteach ar a n-oibriú."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.12","intitule":"Radaíocht léasair","texte":["I gcás ina mbaintear leas as trealamh léasair, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:","(a)","déanfar an trealamh léasair ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear aon radaíocht thimpisteach;","(b)","déanfar trealamh léasair ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara a chosaint sa chaoi nach ndéanfaidh radaíocht éifeachtach, radaíocht arna táirgeadh ag frithchaitheamh nó idirleathadh agus radaíocht thánaisteach díobháil don tsláinte;","(c)","an trealamh optúil do bhreathnóireacht nó coigeartú trealaimh léasair ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara, ní chruthófar aon riosca don tsláinte ó radaíocht léasair leis."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.13","intitule":"Astaíochtaí ó ábhair agus ó shubstaintí guaiseacha","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go bhféadfar na rioscaí go ndéanfaí ábhair agus substaintí guaiseacha a ionanálú agus a ionghabháil, na rioscaí go mbeadh teagmháil ag ábhair agus substaintí guaiseacha leis an gcraiceann, na súile agus na seicní múcasacha, na rioscaí go ndéanfaí an craiceann a threá le hábhair agus substaintí guaiseacha, ar ábhair agus substaintí iad a tháirgtear le hinnealra agus táirgí gaolmhara, a sheachaint.","I gcás nach féidir guais a dhíothú, déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a fheistiú ionas gur féidir ábhair agus substaintí guaiseacha a choinneáil, a ghabháil, a aslonnú, a dheascadh trí uisce a spraeáil, a scagadh nó a chóireáil trí mhodh eile atá chomh héifeachtach céanna.","I gcás nach mbíonn an próiseas iata go hiomlán le linn ghnáthoibriú an innealra nó an táirge ghaolmhair, beidh na feistí do choinneáil nó gabháil, scagachán nó scaradh agus aslonnú suite sa chaoi go mbeidh an éifeacht is mó acu."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.14","intitule":"Riosca a bhaineann le bheith i bhfostú laistigh de mheaisín","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh, a thógáil nó a fheistiú le modh chun cosc a chur le duine a bheith iniata laistigh díobh nó, mura féidir é sin a dhéanamh, le modh chun fios a chur ar chabhair."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.15","intitule":"Riosca sleamhnaithe, tuisle nó titime","texte":["Na páirteanna den innealra nó den táirge gaolmhar, inar dócha go mbogfaidh daoine timpeall nó go seasfaidh siad, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear sleamhnú, tuisle nó titim daoine ar na páirteanna sin nó anuas ó na páirteanna sin.","I gcás inarb iomchuí, déanfar na páirteanna sin a fheistiú le greamáin láimhe a dhaingneofar i gcoibhneas leis an úsáideoir, agus a chuirfidh ar a chumas a chobhsaíocht a choinneáil."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.5.16","intitule":"Tintreach","texte":["Innealra nó táirgí gaolmhara a bhfuil cosaint de dhíth orthu i gcoinne éifeachtaí na tintrí agus iad á n-úsáid, déanfar iad a fheistiú le córas chun an lucht leictreach a bhíonn mar thoradh air sin a sheoladh chun talún."],"categorie":"autres_risques","categorieLib":"Rioscaí eile","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.6.1","intitule":"Cothabháil an innealra nó an táirge ghaolmhair","texte":["Beidh na pointí socraithe agus cothabhála suite lasmuigh de na criosanna contúirte. Beifear in ann oibríochtaí socraithe, cothabhála, deisithe, glanta agus seirbhísithe a dhéanamh agus an t-innealra nó an táirge gaolmhar ina stad.","Mura féidir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha thuas a shásamh ar chúiseanna teicniúla, glacfar bearta chun a áirithiú gur féidir na hoibríochtaí sin a dhéanamh go sábháilte (féach roinn 1.2.5).","I gcás innealra uathoibrithe agus, de réir mar is gá, innealra nó táirgí gaolmhara eile, soláthrófar feiste um nascadh chun trealamh diagnóiseach um aimsiú fabhtanna a shuí.","Na comhpháirteanna innealra nó táirgí gaolmhara uathoibrithe is gá a athrú go minic, beifear in ann iad a bhaint agus a athsholáthar go héasca agus go sábháilte. Trí rochtain a fháil ar na comhpháirteanna sin, beifear in ann na cúraimí sin a dhéanamh leis na modhanna teicniúla is gá i gcomhréir le modh oibriúcháin sonraithe."],"categorie":"entretien","categorieLib":"Cothabháil","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.6.2","intitule":"Rochtain ar shuíomhanna oibriúcháin agus pointí seirbhísithe","texte":["Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ligfear do rochtain shábháilte ar gach limistéar mar a dteastaíonn idirghabháil le linn oibriú, athrú agus chothabháil an innealra nó an táirge ghaolmhair.","I gcás innealra nó táirgí gaolmhara a dtéann daoine isteach iontu le haghaidh oibriú, coigeartú, cothabhála nó glantacháin, déanfar bealaí isteach an innealra a thoisiú agus a chur in oiriúint do threalamh tarrthála sa chaoi go mbeidh tarrtháil éigeandála ar dhaoine indéanta."],"categorie":"entretien","categorieLib":"Cothabháil","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.6.3","intitule":"Leithlisiú foinsí fuinnimh","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a fheistiú le modhanna chun é a leithlisiú ó gach foinse fuinnimh. Beidh na haonraitheoirí sin so-aitheanta. Beifear in ann iad a ghlasáil dá gcuirfeadh an t-athnascadh daoine i mbaol. Ina theannta sin, beifear in ann na haonraitheoirí a ghlasáil i gcás nach féidir le hoibreoir, ó aon cheann de na pointí rochtana atá aige, seiceáil go bhfuil an fuinneamh sin múchta de go fóill.","I gcás innealra nó táirgí gaolmhara ar féidir iad a phlugáil isteach sa soláthar leictreachais, is leor an phlocóid a bhaint de, ar choinníoll gur féidir leis an oibreoir seiceáil ó aon cheann de na pointí rochtana atá aige, go bhfuil an phlocóid fós bainte de.","Tar éis mhúchadh an fhuinnimh, beifear in ann aon fhuinneamh atá fágtha nó stóráilte i gciorcaid an innealra nó an táirge ghaolmhair a scaipeadh go normálta gan daoine a chur i mbaol.","Mar eisceacht ar an gceanglas a leagadh síos sna míreanna roimhe seo, d’fhéadfadh ciorcaid áirithe fanacht i gceangal lena bhfoinsí fuinnimh chun, mar shampla, páirteanna a choinneáil, faisnéis a chosaint, taobh istigh a shoilsiú, etc. Sa chás sin, glacfar bearta speisialta chun sábháilteacht an oibreora a áirithiú."],"categorie":"entretien","categorieLib":"Cothabháil","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.6.4","intitule":"Idirghabháil an oibreora","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh, a dhéanamh agus a fheistiú chun an gá le hidirghabháil oibreora a theorannú. Mura féidir idirghabháil an oibreora a sheachaint, beidh sé in ann í a dhéanamh go héasca agus go sábháilte."],"categorie":"entretien","categorieLib":"Cothabháil","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.6.5","intitule":"Glanadh páirteanna inmheánacha","texte":["Déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir páirteanna inmheánacha a raibh substaintí nó meascáin chontúirteacha iontu a ghlanadh gan dul isteach iontu; beifear in ann aon díchalcadh riachtanach a dhéanamh ón taobh amuigh freisin. Mura bhfuil neart air ach dul isteach san innealra féin, déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir an glanadh a dhéanamh go sábháilte."],"categorie":"entretien","categorieLib":"Cothabháil","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.1","intitule":"Faisnéis agus rabhaidh ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar","texte":["Déanfar faisnéis agus rabhaidh ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a sholáthar i bhfoirm siombailí nó picteagram sothuigthe, más féidir.","Ní mór aon fhaisnéis agus rabhaidh i scríbhinn nó ó bhéal a chur in iúl i dteanga ar féidir le húsáideoirí í a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.1.1","intitule":"Faisnéis agus feistí faisnéise","texte":["Cuirfear an fhaisnéis is gá le haghaidh rialú an innealra nó táirge ghaolmhair ar fáil i bhfoirm gan débhríocht agus sothuigthe. Ní bheidh an iomarca faisnéise ann ar fhaitíos go mbeadh sé iomarcach don oibreoir.","Na haonaid fístaispeána nó aon mhodh idirghníomhach cumarsáide eile idir an t-oibreoir agus an innealra nó táirge gaolmhar, beidh sé éasca le tuiscint agus le húsáid."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.1.2","intitule":"Feistí rabhaidh","texte":["I gcás ina bhféadfaí sláinte agus sábháilteacht daoine a chur i mbaol de bharr fabht in oibriú innealra nó táirge ghaolmhair gan mhaoirseacht, beidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar feistithe sa chaoi go dtabharfar comhartha fuaime nó solais iomchuí mar fholáireamh.","I gcás ina mbeidh feistí rabhaidh ag an innealra nó ag táirge gaolmhar, beidh siad glan soiléir agus so-bhraite. Beidh áiseanna ag an oibreoir chun go mbeidh sé in ann oibriú na bhfeistí rabhaidh sin a sheiceáil tráth ar bith.","Cloífear le ceanglais ghníomhartha dlí sonracha an Aontais maidir le dathanna agus le comharthaí sábháilteachta."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.2","intitule":"Rabhadh faoi rioscaí iarmharacha","texte":["I gcás ina mbíonn rioscaí fós ann d’ainneoin na mbeart um dhearadh sábháilte, na mbeart coimirce agus na mbeart comhlántach cosanta a glacadh, soláthrófar na rabhaidh is gá, lena n-áirítear feistí rabhaidh."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.3","intitule":"Innealra nó táirgí gaolmhara a dhéanamh","texte":["I dteannta na gceanglas marcála in Airteagal 10 agus Airteagal 24, beidh innealra nó táirgí gaolmhara marcáilte go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta.","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a chumhdaítear faoi chaibidlí 2 go 6 den Iarscríbhinn seo a mharcáil freisin de réir na gceanglas breise a leagtar amach sna caibidlí sin.","Ina theannta sin, innealra, nó táirge gaolmhar, arna dhearadh agus arna thógáil lena úsáid in atmaisféar pléascach, déanfar é a mharcáil dá réir.","Ina theannta sin, cuirfear ar an t-innealra nó táirgí gaolmhara an fhaisnéis uile is ábhartha dá gcineál agus is gá le haghaidh úsáid shábháilte. Tiocfaidh an fhaisnéis sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i roinn 1.7.1.","I gcás go gcaithfear innealra nó táirge gaolmhar a láimhsiú le linn úsáide le trealamh ardaithe, déanfar an mhais atá ann a scríobh air go hinléite, go doscriosta agus gan débhríocht."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.4","intitule":"Treoracha úsáide","texte":["I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10(7), déanfar treoracha úsáide a tharraingt suas mar a leagtar amach thíos.","Mar eisceacht ar Airteagal 10(7), na treoracha cothabhála atá beartaithe lena n-úsáid ag pearsanra speisialaithe arna shainordú ag an monaróir nó ag a ionadaí údaraithe, féadfar iad a sholáthar in aon teanga oifigiúil amháin den Aontas más teanga é a thuigfidh an pearsanra speisialaithe."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.4.1","intitule":"Prionsabail ghinearálta maidir le dréachtú treoracha úsáide","texte":["(a)","Cumhdóidh ábhar na dtreoracha úsáide ní hamháin úsáid bheartaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair ach cuirfear san áireamh freisin aon mhí-úsáid measartha intuartha a d’fhéadfaí a bhainfear as;","(b)","I gcás innealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe lena úsáid ag oibreoirí neamhghairmiúla, tabharfar aird sa bhfoclaíocht agus i leagan amach na dtreoracha úsáide leibhéal an oideachais ghinearálta agus an dreama a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta ó na hoibreoirí sin."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.4.2","intitule":"Ábhar na dtreoracha úsáide","texte":["1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna treoracha úsáide, i gcás inarb infheidhme:","(a)","ainm gnó agus seoladh iomlán an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe;","(b)","ainmniú an innealra nó an táirge ghaolmhair arna mharcáil ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar féin, cé is moite den tsraithuimhir (féach roinn 1.7.3);","(c)","dearbhú comhréireachta AE, nó seoladh idirlín nó an cód meaisín-inléite, ar a bhféadfar rochtain a fháil ar dhearbhú comhréireachta AE, i gcomhréir le hAirteagal 10(8);","(d)","sonraí ginearálta an innealra nó an táirge ghaolmhair;","(e)","na líníochtaí, na léaráidí, na tuairiscí agus na mínithe is gá chun an t-innealra nó táirge gaolmhar a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú agus chun a dhea-fheidhmiú a sheiceáil;","(f)","tuairisc ar an stáisiún oibre nó na stáisiúin oibre is dóigh a bheidh á áitiú ag oibreoirí;","(g)","tuairisc ar úsáid bheartaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair;","(h)","rabhaidh a bhaineann leis na bealaí toirmiscthe nach féidir an t-innealra nó an táirge gaolmhar a úsáid, rud is fios de bharr taithí;","(i)","treoracha cóimeála, suiteála agus nasctha, lena n-áirítear líníochtaí, léaráidí agus modhanna daingnithe agus ainmniú an fhonnaidh nó na suiteála ar a bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar le feistiú;","(j)","treoracha a bhaineann le suiteáil agus cóimeáil chun torann nó tonnchrith a laghdú;","(k)","treoracha maidir leis an innealra nó an táirge gaolmhar a chur i seirbhís agus a úsáid agus, más gá, treoracha maidir le hoiliúint oibreoirí;","(l)","faisnéis faoi na rioscaí iarmharacha atá fós ann d’ainneoin na mbeart bunúsach um dhearadh sábháilte, na mbeart coimirce agus na mbeart comhlántach cosanta a glacadh;","(m)","treoracha maidir leis na bearta cosanta atá le déanamh ag an úsáideoir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an trealamh cosanta pearsanta a bheidh le soláthar;","(n)","saintréithe sár-riachtanacha uirlisí, a fhéadfar a fheistiú ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar;","(o)","na coinníollacha ina gcomhlíonann an t-innealra nó an táirge gaolmhar an ceanglas cobhsaíochta le linn úsáide, iompair, cóimeála, díchóimeála agus é as seirbhís, tástála nó cliseadh intuartha;","(p)","treoracha d’fhonn a áirithiú gur féidir oibríochtaí iompair, láimhsithe agus stórála a dhéanamh go sábháilte, ina sonraítear mais an innealra nó an táirge ghaolmhair agus a chodanna éagsúla i gcás ina mbeidh siad le hiompar ar leithligh go rialta;","(q)","an modh oibriúcháin ar gá cloí leis i gcás timpiste nó cliste; más dócha go dtarlóidh calcadh, an modh oibriúcháin ar gá cloí leis ionas go bhféadfar an trealamh a dhíchalcadh go sábháilte;","(r)","an tuairisc ar na hoibríochtaí coigeartaithe agus cothabhála ar cheart don úsáideoir iad a dhéanamh agus na bearta coisctheacha cothabhála is ceart a chomhlíonadh agus dearadh agus úsáid an innealra nó an táirge ghaolmhair á gcur san áireamh;","(s)","treoracha atá ceaptha chun coigeartú agus cothabháil a dhéanamh go sábháilte, lena n-áirítear na bearta cosanta is gá a dhéanamh i rith na n-oibríochtaí sin;","(t)","sonraíochtaí na bpáirteanna spártha a bheidh le húsáid, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar shláinte agus ar shábháilteacht na n-oibreoirí;","(u)","an fhaisnéis seo a leanas maidir le hastaíochtaí torainn aeriompartha:","(i)","an leibhéal astaíochta fuaimbhrú A-ualaithe i stáisiúin oibre, i gcás inar mó é sin ná 70 dB (A); i gcás nach sáraíonn an leibhéal sin 70 dB (A), sonrófar an fhíric sin;","(ii)","luach buaicbhrú fuaime láithrigh C-ualaithe i stáisiúin oibre, nuair is mó é sin ná 63 Pa (130 dB i ndáil le 20 μPa);","(iii)","an leibhéal fuaimbhrú A-ualaithe a astaíonn as an innealra nó an táirge gaolmhar, i gcás inar mó ná 80 dB(A) leibhéal fuaimbhrú A-ualaithe i stáisiúin oibre.","Is éard a bheidh sna luachanna sin na luachanna sin a tomhaiseadh go hiarbhír don innealra nó don táirge gaolmhar atá i gceist nó na luachanna sin arna mbunú ar bhonn tomhas a rinneadh i gcomhair innealra nó táirge gaolmhar atá inchomparáide go teicniúil, ar innealra nó táirge gaolmhar é atá ionadaíoch ar an innealra atá le táirgeadh.","I gcás innealra nó táirge gaolmhar atá an-mhór ar fad, in ionad an leibhéil cumhachta fuaime A-ualaithe, d’fhéadfaí na leibhéil bhrú fuaime astaíochta A-ualaithe ag suíomhanna sonraithe timpeall an innealra nó an táirge ghaolmhair a léiriú.","I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a chur i bhfeidhm, déanfar leibhéil fuaime a thomhas agus úsáid a bhaint as an modh is iomchuí don innealra nó don táirge gaolmhar.","Aon uair a léirítear luachanna astaíochta fuaime, sonrófar na héiginnteachtaí a bhaineann leis na luachanna sin. Sonrófar dálaí oibriúcháin an innealra nó an táirge ghaolmhair le linn tomhais agus ar na modhanna tomhais a úsáidtear.","I gcás neamhshainiú an stáisiúin/na stáisiún oibre, nó i gcás nach féidir iad a shainiú, déanfar leibhéil an bhrú fuaime A-ualaithe a thomhas ag achar 1 mhéadar amháin ó dhromchla an innealra nó táirge ghaolmhair agus ag airde 1.6 mhéadar ón urlár nó ón ardán rochtana. Sonrófar suíomh agus luach an uasbhrú fuaime.","Maidir le hinnealra laghdaithe torainn nó táirgí gaolmhara, sonrófar sna treoracha úsáide, nuair is iomchuí, conas an trealamh sin a chóimeáil agus a shuiteáil i gceart (féach freisin roinn 1.7.4.2(1), pointe (j)).","I gcás ina leagtar síos ceanglais eile le gníomhartha dlí an Aontais maidir le leibhéil fuaimbhrú nó leibhéil chumhachta fuaime a thomhas, cuirfear na gníomhartha dlí sin i bhfeidhm agus ní bheidh feidhm ag forálacha comhfhreagracha na roinne seo;","(v)","faisnéis maidir leis na réamhchúraimí, na feistí agus na modhanna is gá chun daoine a tharrtháil láithreach agus go réidh;","(w)","i gcás gur dócha go n-astófar le hinnealra nó le táirgí gaolmhara radaíocht neamh-ianúcháin a d’fhéadfadh a bheith ina díobháil do dhaoine, go háirithe do dhaoine le feistí leighis gníomhacha nó neamhghníomhacha, faisnéis maidir leis an radaíocht arna hastú don oibreoir agus do dhaoine neamhchosanta.","(x)","i gcás ina gceadaíonn dearadh innealra nó táirge ghaolmhair astaíochtaí substaintí guaiseacha ón innealra nó ón táirge gaolmhar, saintréithe na feiste gabhála, scagacháin nó scaoilte amach mura soláthraítear an fheiste sin leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar, agus aon cheann díobh seo a leanas:","(i)","an ráta sreafa d’astú ábhar guaiseach agus substaintí as an innealra nó as an táirge gaolmhar;","(ii)","an tiúchan d’ábhair ghuaiseacha nó de shubstaintí guaiseacha timpeall ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a thagann as an innealra nó an táirge gaolmhar nó as ábhair nó substaintí a úsáidtear leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar;","(iii)","éifeachtacht na feiste gabhála nó scagacháin agus na coinníollacha atá le comhlíonadh chun a héifeachtacht a choinneáil ar bun le himeacht ama.","Déanfar na luachanna dá dtagraítear sa chéad mhír a thomhas go hiarbhír le haghaidh an innealra nó an táirge ghaolmhair atá i gceist, sin nó bunófar iad ar bhonn na dtomhas i ndáil le hinnealra nó táirge gaolmhar atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar an úrscothacht."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"1.7.5","intitule":"Litríocht díolachán","texte":["Ní thiocfaidh litríocht díolacháin ina dtugtar tuairisc ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar salach ar na treoracha úsáide maidir le gnéithe sláinte agus sábháilteachta. I litríocht díolacháin ina ndéantar cur síos ar shaintréithe feidhmíochta an innealra nó an táirge ghaolmhair, beidh an fhaisnéis chéanna maidir le hastaíochtaí agus atá sna treoracha úsáide."],"categorie":"informations","categorieLib":"Faisnéis agus treoracha úsáide","chapitre":1,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.1.1","intitule":"Ginearálta","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara atá ceaptha lena n-úsáid le hearraí bia nó le cosmaidí nó táirgí cógaisíochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a sheachnóidh aon riosca ionfhabhtaithe, breoiteachta nó tógála.","Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:","(a)","maidir le hábhair a bhíonn i dteagmháil le bia-ábhair nó uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine nó le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta nó a bheartaítear a bheith i dteagmháil leo, comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos i ngníomhartha ábhartha dlí an Aontais; déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir na hábhair sin a ghlanadh roimh gach úsáid agus i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, úsáidfear páirteanna indiúscartha;","(b)","maidir leis na dromchlaí uile a bhíonn i dteagmháil le bia-ábhair nó uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine nó le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta, seachas dromchlaí de pháirteanna indiúscartha, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:","(i)","beidh siad réidh agus ní bheidh iomairí ná bearnaí iontu a d’fhéadfadh ábhair orgánacha a choimeád, agus is amhlaidh an cás maidir lena gceangail;","(ii)","déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar a laghad is féidir starrtha, imill agus cuasa na cóimeála;","(iii)","beidh siad soghlanta agus so-dhífhabhtaithe, i gcás inar gá, tar éis páirteanna so-dhíchóimeáilte a bhaint díobh; na dromchlaí atá ar an taobh istigh, beidh a ndóthain de chuar iontu lena nglanadh agus a sciúradh;","(c)","leachtanna, gáis agus aerasóil ó ábhair bhia, cosmaidí nó táirgí cógaisíochta maille le táirgí glanta, dífhabhtaithe agus sruthlaithe leachtanna, beifear in ann a sceitheadh go hiomlán as an innealra nó an táirge gaolmhar (más féidir i suíomh “glantacháin”);","(d)","déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear aon substaintí nó créatúir bheo, go háirithe feithidí, ar dhul isteach i limistéir nach féidir a ghlanadh agus go gcoiscfear aon ábhar orgánach ar charnadh sna limistéir sin;","(e)","déanfar an t-innealra nó na táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach bhféadfaidh aon substaint choimhdeach atá guaiseach don tsláinte, lena n-áirítear na bealaí a úsáidtear, teacht i dteagmháil le hearraí bia nó uisce ceapadh lena chaitheamh ag an duine, cosmaidí ná táirgí cógaisíochta. I gcás inar gá, déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir comhlíonadh leanúnach an cheanglais seo a sheiceáil."],"categorie":"agroalimentaire","categorieLib":"Ábhair bhia, cosmaidí agus táirgí cógaisíochta","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.1.2","intitule":"Treoracha úsáide","texte":["Sna úsáide le haghaidh innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh earraí bia agus innealra nó táirgí gaolmhara atá le húsáid le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta, léireofar táirgí molta agus modhanna glantacháin, díghalraithe agus sruthlaithe, ní hamháin do limistéir a bhfuil rochtain éasca orthu ach freisin do limistéir nach féidir rochtain a fháil orthu nó nach bhfuil sé inmholta rochtain a fháil orthu."],"categorie":"agroalimentaire","categorieLib":"Ábhair bhia, cosmaidí agus táirgí cógaisíochta","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.2.1","intitule":"Ginearálta","texte":["Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:","(a)","ag brath ar an gcineál innealra nó táirge ghaolmhair, beidh dromchla tacaíochta ar mhéid leordhóthanach aige agus líon leordhóthanach luamhán agus tacaíochtaí de mhéid iomchuí a bheith air, agus iad socraithe sa chaoi go n-áiritheofar cobhsaíocht an innealra nó an táirge ghaolmhair faoi na dálaí oibrithe beartaithe;","(b)","seachas i gcás ina bhfuil sé dodhéanta go teicniúil, nó i gcás ina bhfuil feiste rialaithe neamhspleách ann, maidir le luamhán nach féidir a scaoileadh go hiomlán sábháilte, is amhlaidh a fheisteofar feistí rialaithe láimhe um thosú nó stopadh orthu sa chaoi gur féidir leis an oibreoir iad a oibriú gan na luamháin a ligean uaidh;","(c)","ní bheidh aon riosca ann go dtosóidh an t-imeall de thaisme nó go leanfaidh sé air ag oibriú tar éis don oibreoir na luamháin a ligean uaidh; glacfar bearta coibhéiseacha mura mbeidh an ceanglas seo indéanta go teicniúil;","(d)","ceadóidh sé, nuair is gá, amharcbhreathnóireacht ar an gcrios contúirte agus ar ghníomh na huirlise leis an ábhar atá á phróiseáil;","(e)","beidh feiste nó sceithchóras ceangailte acu, le hasraon nasctha eastósctha nó córas coibhéiseach chun astaíochtaí substaintí guaiseacha a ghabháil nó a laghdú; níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina mbeadh guais nua ann mar thoradh air, nó i gcás inarb é príomhfheidhm an innealra nó an táirge ghaolmhair substaintí guaiseacha a leathadh agus astaíochtaí inneall dócháin inmheánaigh;","(f)","déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go n-éascófar tosú agus stopadh de dheasca luamhán innealra iniompartha nó táirgí gaolmhara."],"categorie":"portatives","categorieLib":"Innealra iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh","chapitre":2,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.2.1.1","intitule":"Treoracha úsáide","texte":["Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna treoracha úsáide maidir le creathanna, arna sloinneadh mar luasghéarú (m/s 2 ), agus arna tarchur ag innealra láimhe iniompartha nó innealra a threoraítear de láimh nó tairgí gaolmhara:","(a)","luach iomlán na gcreathanna leanúnacha a bhfuil an córas láimhe faoina réir;","(b)","meánluach bhuaic-aimplitiúid an luasghéaraithe ó chreathanna turrainge arís agus arís eile, a bhfuil an córas láimhe faoina réir;","(c)","neamhchinnteacht an dá thomhas.","Na luachanna dá dtagraítear sa chéad mhír, déanfar iad a thomhas go hiarbhír le haghaidh an innealra nó táirge ghaolmhair atá i gceist, nó bunófar iad ar bhonn na dtomhas i ndáil le hinnealra nó táirge gaolmhar atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar an úrscothacht.","I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a chur i bhfeidhm, déanfar na sonraí creathaidh a thomhas trí úsáid a bhaint as an gcód tomhais is iomchuí don innealra nó don táirge gaolmhar.","Sonrófar na dálaí oibriúcháin le linn tomhais agus na modhanna a úsáidtear i gcomhair tomhais, nó tagairt don chaighdeán comhchuibhithe arna chur i bhfeidhm."],"categorie":"portatives","categorieLib":"Innealra iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh","chapitre":2,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.2.2.1","intitule":"Ginearálta","texte":["Déanfar innealra iniompartha daingnithe agus innealra imbhuailte eile nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil mar seo a leanas:","(a)","déanfar fuinneamh a tharchur chuig an eilimint imbhuailte tríd an gcomhpháirt idirmheánach nach bhfágann an fheiste;","(b)","cuirfidh feiste chumasúcháin cosc ar imbhualadh mura bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar suite i gceart le brú leordhóthanach ar an mbunábhar;","(c)","coiscfear spreagadh neamhdheonach; i gcás inar gá, beidh gá le seicheamh iomchuí gníomhaíochtaí ar an bhfeiste chumasúcháin agus ar an bhfeiste rialaithe chun imbhualadh a spreagadh;","(d)","coisctear spreagadh de thaisme le linn a láimhseála nó i gcás turrainge;","(e)","is féidir oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe a dhéanamh go héasca agus go sábháilte.","Nuair is gá, beifear in ann an fheiste a fheistiú le sciath nó sciatha sceilpe agus cuirfidh monaróir an innealra nó an tairge ghaolmhair an sciath nó na sciatha is iomchuí ar fáil."],"categorie":"portatives","categorieLib":"Innealra iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.2.2.2","intitule":"Treoracha úsáide","texte":["Tabharfar an fhaisnéis riachtanach sna treoracha úsáide maidir leis na nithe seo a leanas:","(a)","na gabhálais agus an trealamh idirmhalartaithe is féidir a úsáid leis an innealra nó an táirge gaolmhar;","(b)","na heilimintí oiriúnacha daingnithe nó imbhuailte eile a bheidh le húsáid leis an innealra nó an táirge gaolmhar;","(c)","i gcás inarb iomchuí, na cartúis oiriúnacha atá le húsáid."],"categorie":"portatives","categorieLib":"Innealra iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.3","intitule":"Innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh saoirsiú adhmaid agus ábhar le saintréithe fisiciceacha comhchosúla","texte":["An t-innealra nó na táirgí gaolmhara le haghaidh saoirsiú adhmad agus ábhair a bhfuil saintréithe fisiceacha comhchosúla acu, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:","(a)","déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh, a dhéanamh nó a fheistiú sa chaoi gur féidir an píosa atá á mheaisíniú a shuiteáil agus a threorú go sábháilte; i gcás píosa láimhe ar bhinse oibre, beidh an dara ceann díobh sách cobhsaí le linn na hoibre agus ní chuirfidh sé bac ar ghluaiseacht an phíosa;","(b)","más dócha go n-úsáidfear an t-innealra nó an táirge gaolmhar i ndálaí a bhaineann le riosca píosaí oibre nó páirteanna díobh a bheith eisteilgthe, déanfar é a dhearadh, a dhéanamh nó a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear an t-eisteilg sin, nó, mura féidir é sin a dhéanamh, ionas nach nginfidh an t-eisteilg sin rioscaí don oibreoir agus/nó do na daoine neamhchosanta;","(c)","feisteofar an t-innealra nó an táirge gaolmhar le coscán uathoibríoch a stopfaidh an uirlis in am sách gearr má tá riosca ann go ndéanfar teagmháil leis an uirlis agus í ag imeacht síos;","(d)","i gcás ina gcomhtháthófar an uirlis in innealra nó i dtáirge gaolmhar nach bhfuil go hiomlán uathoibrithe, déanfar an uirlis nó an táirge gaolmhar sin a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ndíothófar nó go laghdófar an riosca díobhála de thaisme."],"categorie":"bois","categorieLib":"Saoirsiú adhmaid agus ábhar comhchosúil","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4","intitule":"Innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leatadh táirgí cosanta plandaí","texte":["2.4.1. Chun críocha roinn 2.4, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:","Ciallaíonn “innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí” an t-innealra nó táirgí gaolmhara atá ceaptha go sonrach le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 )."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.2","intitule":"Ginearálta","texte":["Áiritheoidh monaróir an innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí go ndéanfar measúnú ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh neamhbheartaithe táirgí cosanta plandaí sa chomhshaol, i gcomhréir leis an bpróiseas measúnaithe riosca agus laghdaithe riosca dá dtagraítear sna Prionsabail Ghinearálta, pointe 1.","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí a dhearadh agus a thógáil agus aird á tabhairt ar thorthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír ionas gur féidir an t-innealra nó na táirgí gaolmhara a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan scaoileadh neamhbheartaithe táirgí cosanta plandaí sa chomhshaol.","Déanfar sceitheadh a chosc i gcónaí."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.3","intitule":"Rialuithe agus faireachán","texte":["Beifear in ann leathadh na táirgí cosanta plandaí a rialú, faireachán a dhéanamh orthu, agus stop a chur leo láithreach go héasca agus go cruinn ó na suíomhanna oibriúcháin."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.4","intitule":"Líonadh agus folmhú","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil chun líonadh beacht leis an méid táirgí cosanta plandaí is gá a éascú agus chun folmhú éasca agus iomlán a áirithiú, agus cosc á chur san am céanna ar dhoirteadh táirgí cosanta plandaí agus éilliú foinse an uisce a sheachaint le linn na n-oibríochtaí sin."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.5","intitule":"Leathadh táirgí cosanta plandaí","texte":[],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.5.1","intitule":"An ráta leata","texte":["Feisteofar an t-innealra nó táirge gaolmhar le modh chun an ráta leata a choigeartú go héasca, go cruinn agus go hiontaofa."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.5.2","intitule":"Dáileadh, teascadh agus síobadh táirgí cosanta plandaí","texte":["Déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go gcuirfear an táirge cosanta plandaí i sprioclimistéir, go laghdófar a mhéid is féidir sileadh i limistéir eile agus go seachnófar síobadh táirgí cosanta plandaí sa chomhshaol. I gcás inarb iomchuí, áiritheofar dáileadh cothrom agus deascadh aonchineálach."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.5.3","intitule":"Tástálacha","texte":["Ionas gur féidir a fhíorú go gcomhlíonann na páirteanna ábhartha den innealra nó táirge gaolmhar na ceanglais a leagtar amach i ranna 2.4.5.1 agus 2.4.5.2, déanfaidh an monaróir tástálacha iomchuí a fheidhmiú i leith gach cineál innealra nó táirge ghaolmhair atá i gceist, nó a chur faoi deara na tástálacha sin a dhéanamh."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.5.4","intitule":"Sileadh le linn don inneall a bheith stoptha","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a choiscfear sileadh le linn don leathadh táirgí cosanta plandaí a bheith stoptha."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.6","intitule":"Cothabháil","texte":[],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.6.1","intitule":"Glanadh","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ionas gur féidir é a ghlanadh agus a sciúradh gan dua agus gan éilliú an chomhshaoil."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.6.2","intitule":"Cothabháil","texte":["Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil chun go n-éascófar athrú páirteanna caite gan éilliú an chomhshaoil."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.7","intitule":"Iniúchtaí","texte":["Beifear in ann na hionstraimí tomhais riachtanacha a cheangal go héasca leis an innealra nó an táirge gaolmhar chun feidhmiú ceart an innealra nó an táirge ghaolmhair a sheiceáil."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.8","intitule":"Buinní, síothláin agus scagairí a mharcáil","texte":["Déanfar buinní, síothláin agus scagairí a mharcáil ionas gur féidir a gcineál agus a méid a shainaithint go soiléir."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.9","intitule":"An táirge cosanta plandaí atá in úsáid a léiriú","texte":["I gcás inarb iomchuí, feisteofar an t-innealra nó an táirge gaolmhar le gléasadh ar leith ar féidir leis an oibreoir ainm an táirge cosanta plandaí atá in úsáid a chur air."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"2.4.10","intitule":"Treoracha úsáide","texte":["Beidh an fhaisnéis seo a leanas le fáil sna treoracha úsáide:","(a)","réamhchúraimí atá le glacadh le linn oibríochtaí measctha, luchtaithe, leata, folmhaithe, glantacháin, cothabhála agus iompair chun éilliú an chomhshaoil a sheachaint;","(b)","coinníollacha úsáide mionsonraithe do na timpeallachtaí oibríochta éagsúla atá beartaithe, lena n-áirítear an t-ullmhúchán agus na coigeartuithe a bheidh ag teastáil chun a áirithiú go ndéanfar an táirge cosanta plandaí a dheascadh sna sprioclimistéir agus, san am céanna, sileadh i limistéir eile a íoslaghdú, chun síobadh isteach sa chomhshaol a chosc agus, i gcás inarb iomchuí, chun dáileadh cothrom agus deascadh aonchineálach an táirge cosanta plandaí a áirithiú;","(c)","raon na gcineálacha agus na méideanna buinní, síothlán agus scagairí is féidir a úsáid leis an innealra nó táirge gaolmhar;","(d)","minicíocht seiceálacha agus na critéir agus an modh chun páirteanna a athsholáthar ar páirteanna iad atá faoi réir caithimh agus a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú ceart an innealra nó táirge ghaolmhair, amhail buinní, síothláin agus scagairí;","(e)","sonrú maidir le calabrú, cothabháil laethúil, ullmhúchán geimhridh agus seiceálacha eile is gá chun dea-fheidhmiú an innealra nó táirge ghaolmhair a áirithiú;","(f)","cineálacha an táirgí cosanta plandaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le feidhmiú mícheart an innealra nó táirge ghaolmhair;","(g)","léiriú gur cheart don oibreoir ainm an táirge cosanta plandaí atá in úsáid a choinneáil cothrom le dáta ar an ngléasadh sonrach dá dtagraítear i roinn 2.4.9;","(h)","ceangal agus úsáid aon trealaimh nó gabhálas speisialta, agus na réamhchúraimí is gá a ghlacadh;","(i)","é a thabhairt le fios go bhféadfadh an t-innealra nó táirge gaolmhar teacht faoi réir ceanglais náisiúnta maidir le himscrúdú rialta ag comhlachtaí ainmnithe, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );","(j)","gnéithe an innealra nó an táirge ghaolmhair, a ndéanfar cigireacht orthu chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart;","(k)","treoracha maidir leis na hionstraimí tomhais is gá a cheangal."],"categorie":"phytopharmaceutiques","categorieLib":"Táirgí cosanta plandaí","chapitre":2,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.1","intitule":"Ginearálta","texte":["3.1.1. Chun críocha na ranna seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:","(a)","ciallaíonn “innealra nó táirgí gaolmhara a bhfuil riosca ag baint leo mar gheall ar a soghluaisteacht”:","(i)","innealra nó táirgí gaolmhara óna dteastaíonn soghluaisteacht dá n-oibriú agus iad ar siúl, nó gluaiseacht leanúnach nó leathleanúnach idir seicheamh d’ionaid oibre seasta; nó","(ii)","innealra nó táirgí gaolmhara a oibrítear gan iad a bhogadh, ach ar féidir iad a fheistiú sa chaoi gur féidir iad a aistriú níos éasca ó áit go háit;","(b)","ciallaíonn “tiománaí” oibreoir a bhfuil cúram ghluaiseacht innealra nó táirge ghaolmhair air, a bhféadfaí é a iompar leis an innealra, nó a d’fhéadfadh a bheith ar cois, a ghabhann leis an innealra, nó a fhéadfaidh an t-innealra a threorú trí chianrialtán;","(c)","ciallaíonn “innealra soghluaiste uathrialaitheach” innealra soghluaiste ag a bhfuil mód uathrialaitheach, lena n-áirithítear feidhmeanna riachtanacha sábháilteachta uile an innealra shoghluaiste ina limistéar oibríochtaí agus ina limistéir bhogtha gan idirghníomhú buan ó oibreoir;","(d)","ciallaíonn “maoirseoir” duine atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar innealra soghluaiste uathrialaitheach;","(e)","ciallaíonn “feidhm mhaoirseachta” cianfhaireachas neamhbhuan ar innealra soghluaiste uathrialaitheach trí ghléas lenar féidir faisnéis nó foláirimh a fháil agus chun orduithe teoranta a thabhairt don innealra sin."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.2.1","intitule":"An suíomh tiomána","texte":["Fágfaidh infheictheacht an tsuímh tiomána gur féidir leis an tiománaí, le sábháilteacht iomlán dó féin agus do na daoine neamhchosanta, an t-innealra nó táirge gaolmhar agus a uirlisí a oibriú faoi choinníollacha úsáide measartha intuartha. I gcás inar gá, cuirfear feistí iomchuí ar fáil chun rioscaí a leigheas mar gheall ar radharc díreach neamhleor a bheith ann.","Déanfar innealra nó táirge gaolmhar ar a n-iomprófar an tiománaí a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh aon riosca ann don tiománaí, ó na suíomhanna tiomána, teagmháil a dhéanamh leis na rothaí agus na rianta de thaisme.","Déanfar suíomh tiomána na dtiománaithe marcaíochta a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir cábán a fheistiú don tiománaí ar choinníoll nach méadófar an riosca leis sin agus go mbeidh spás ann dó. Beidh áit sa chábán do na treoracha úsáide is gá don tiománaí."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.2.2","intitule":"Suíocháin","texte":["I gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfaí oibreoirí nó daoine eile atá á n-iompar ag an innealra a bhascadh idir páirteanna den innealra agus an áit mórthimpeall air dá dtiontódh an t-innealra nó dá n-iompódh sé bunoscionn, go háirithe i gcás innealra atá feistithe le struchtúr cosanta dá dtagraítear i roinn 3.4.3 nó roinn 3.4.4:","(a)","déanfar an t-innealra a dhearadh nó a fheistiú le córas srianta ionas go gcoinneofaí na daoine ina suíocháin nó sa struchtúr cosanta, gan srian a chur ar na gluaiseachtaí is gá le haghaidh oibríochtaí nó gluaiseachtaí a bhaineann leis an struchtúr;","i gcás ina bhfuil riosca suntasach ann go dtiontódh an t-innealra nó go n-iompódh sé bunoscionn agus nach n-úsáidtear a chóras srianta, ní bheidh an t-innealra in ann gluaiseacht;","sna córais srianta nó trealamh den sórt sin cuirfear i gcuntas prionsabail eirgeanamaíocha agus ní fheisteofar iad má mhéadaíonn siad an riosca;","(b)","déanfar comhartha amhairc agus comhartha inchloiste ag an suíomh tiomána chun foláireamh a thabhairt don tiománaí nuair atá an tiománaí sa suíomh tiomána agus nach bhfuil an córas srianta á úsáid aige."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.2.3","intitule":"Suíomhanna le haghaidh daoine eile","texte":["Má fhoráiltear leis na coinníollacha úsáide gur féidir daoine seachas an tiománaí a iompar ar an innealra nó gur féidir leo a bheith ag obair air ó am go ham nó go rialta, cuirfear suíomhanna iomchuí ar fáil dóibh ionas gur féidir leo a bheith á n-iompar air nó a bheith ag obair air gan riosca.","Beidh feidhm ag an dara mír agus ag an tríú mír de roinn 3.2.1 freisin maidir leis na háiteanna a chuirfear ar fáil do dhaoine seachas an tiománaí."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.2.4","intitule":"Feidhm mhaoirseachta","texte":["I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm maoirseachta a bhaineann go sonrach leis an mód uathrialaitheach ag innealra soghluaiste uathrialaitheacha nó táirgí gaolmhara. Leis an bhfeidhm seo, beidh an maoirseoir in ann faisnéis a fháil go cianda ón meaisín. Ní cheadófar, leis an bhfeidhm maoirseachta, ach gníomhaíochtaí chun an t-innealra nó táirge gaolmhar a stopadh agus a thosú go cianda nó é a aistriú go suíomh sábháilte agus staid shábháilte chun rioscaí eile a sheachaint. Déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach féidir na ngníomhaíochtaí sin a dhéanamh ach amháin más féidir leis an maoirseoir gluaiseacht agus limistéar oibre an mheaisín a fheiceáil go díreach nó go hindíreach, agus nuair atá na feistí cosanta in úsáid.","Leis an bhfaisnéis a fhaigheann an maoirseoir ón innealra nuair atá an fheidhm maoirseachta gníomhach, beidh an maoirseoir in ann léargas iomlán cruinn a bheith aige nó aici ar oibriú, gluaiseacht agus suíomh sábháilte an innealra ina limistéar bhogtha agus oibre.","Cuirfidh an fhaisnéis an maoirseoir ar a airdeall nó a hairdeall faoi chásanna gan choinne nó cásanna contúirteacha atá ann nó atá ar tí tarlú, ar gá idirghabháil an maoirseora ina leith.","Mura bhfuil an fheidhm maoirseachta gníomhach, ní bheidh an t-innealra in ann oibriú."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.3","intitule":"Córais rialaithe","texte":["Más gá, glacfar bearta úsáid neamhúdaraithe na rialtáin a chosc.","I gcás cianrialtán, sonrófar go soiléir ar gach aonad rialtán an t-innealra nó táirge gaolmhar atá le rialú ón aonad sin.","Déanfar an córas cianrialtán a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh éifeacht aige ach amháin ar an méid seo a leanas:","(a)","ar an innealra nó an táirge gaolmhar atá i gceist;","(b)","ar na feidhmeanna atá i gceist.","Déanfar innealra cianrialaithe nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach bhfreagróidh siad ach do chomharthaí ó na haonaid rialtán atá beartaithe dóibh.","Maidir le hinnealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara, dearfar an córas rialtán sa chaoi go bhfeidhmeoidh sé féin na feidhmeanna sábháilteachta mar a leagtar amach sa roinn seo iad, fiú nuair a ordaítear gníomhaíochtaí trí fheidhm chianmhaoirseachta a úsáid."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.3.1","intitule":"Feistí rialaithe","texte":["Beidh an tiománaí in ann gníomhú ar gach feiste rialaithe is gá chun an t-innealra nó táirge gaolmhar a oibriú ón suíomh tiomána, seachas feidhmeanna, nach féidir a ghníomhú go sábháilte ach amháin trí úsáid a bhaint as feistí rialaithe atá lonnaithe in áit eile. Áirítear ar na feidhmeanna sin, go háirithe, na feidhmeanna sin a bhfuil oibreoirí eile seachas an tiománaí freagrach astu nó ar gá an tiománaí an suíomh tiomána a fhágáil chun iad a rialú go sábháilte.","I gcás ina bhfuil troitheáin ann, déanfar iad a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go bhféadfaidh an tiománaí oibriú go sábháilte agus go mbeidh an riosca is lú ann go n-oibreoidh siad ar bhealach mícheart. Ní mór dromchla frithshleamhain a bheith orthu agus iad soghlanta.","I gcás ina bhféadfadh guaiseacha, go háirithe gluaiseachtaí contúirteacha, a bheith mar thoradh ar a n-oibriú, fillfidh na feistí rialaithe ar an suíomh neodrach, seachas iad siúd a bhfuil suíomhanna réamhshocraithe acu, a luaithe a scaoileann an t-oibreoir iad.","I gcás innealra ar rothaí, déanfar an córas stiúrtha a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar fórsa ghluaiseachtaí tobanna an rotha stiúrtha nó an luamháin stiúrtha de bharr suaití sna rothaí treoraithe.","Déanfar aon rialú a ghlasálann an difreálach a dhearadh agus a shocrú sa chaoi go bhféadfar an difreálach a dhíghlasáil nuair a bheidh an t-innealra á bhogadh.","Ní bheidh feidhm ag an séú mír de roinn 1.2.2 a bhaineann le comharthaí rabhaidh fuaime agus/nó amhairc ach amháin i gcás cúlú."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.3.2","intitule":"Tosú/gluaiseacht","texte":["Ní féidir aon ghluaiseacht bhogtha de chuid innealra fhéinghluaiste le tiománaí marcaíochta a dhéanamh ach amháin má bhíonn an tiománaí i bhfeighil na rialtán.","I gcás ina bhfeistítear innealra, chun críocha oibriúcháin, le feistí a sháraíonn a ghnáthchrios glanspáis (e.g. cobhsaitheoirí, géag, etc.), cuirfear ar fáil don tiománaí an bealach chun seiceáil a dhéanamh go héasca, roimh an innealra a bhogadh, go bhfuil feistí den sórt sin i suíomh áirithe a ligean do ghluaiseacht shábháilte.","Tá feidhm aige seo freisin maidir le gach cuid eile; chun go mbeidh gluaiseacht shábháilte ann, ní mór iad a bheith i suíomhanna áirithe, faoi ghlas más gá.","I gcás nach n-eascróidh rioscaí eile as, beidh gluaiseacht an innealra ag brath ar shuí sábháilte na bpáirteanna thuasluaite.","Ní fhéadfar an t-innealra a ghluaiseacht ar bhealach neamhbheartaithe le linn an t-inneall a bheith á thosú.","Cuirfear san áireamh, le gluaisteacht an innealra shoghluaiste uathrialaithigh, na rioscaí a bhaineann leis an limistéar ina bhfuil sé beartaithe bogadh agus oibriú."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.3.3","intitule":"Feidhm bhogtha","texte":["Gan dochar do rialacháin maidir le trácht ar bhóithre, comhlíonfaidh innealra féinghluaiste agus a leantóirí na ceanglais maidir le moilliú, stopadh, coscánú agus bac gluaiseachta chun sábháilteacht a áirithiú faoi na dálaí oibríochta, ualaigh, luais, talún agus grádáin uile a cheadaítear.","Beidh an tiománaí in ann an t-innealra féinghluaiste a mhoilliú agus a stopadh trí bhíthin príomhfheiste. I gcás inar gá sin ó thaobh sábháilteachta de, i gcás ina gcliseann an phríomhfheiste, nó in éagmais an tsoláthair fuinnimh is gá chun an phríomhfheiste a ghníomhú, soláthrófar feiste éigeandála le feiste rialaithe atá go hiomlán neamhspleách agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, chun moilliú agus stad a dhéanamh.","I gcás ina n-éilíonn sábháilteacht amhlaidh, soláthrófar feiste loctha chun innealra nach bhfuil ag bogadh a dhéanamh do-aistrithe. Féadfar an fheiste sin a chomhcheangal le ceann de na feistí dá dtagraítear sa dara mír más feiste mheicniúil amháin í.","Déanfar innealra cianrialaithe a fheistiú le feistí chun oibriú a stopadh go huathoibríoch agus láithreach agus chun oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a chosc sna cásanna seo a leanas:","(a)","má chailleann an tiománaí smacht;","(b)","má fhaigheann sé comhartha stoptha;","(c)","má bhraitear locht i gcuid den chóras a bhaineann le sábháilteacht;","(d)","mura bhraitear aon chomhartha bailíochtaithe laistigh d’am sonraithe.","Níl feidhm ag Roinn 1.2.4 maidir leis an bhfeidhm bhogtha.","Comhlíonfaidh innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara aon cheann de na coinníollacha seo a leanas nó an dá cheann, i gcás inar gá de réir an mheasúnaithe riosca:","(i)","aistreoidh agus oibreoidh sé i gcrios iata a bheith feistithe le córas cosanta forimeallach ina mbeidh sciatha nó feistí cosanta;","(ii)","beidh sé feistithe le feistí atá ceaptha chun aon duine, aon ainmhí clóis nó aon bhac eile ina chomharsanacht a bhrath, i gcás ina bhféadfadh na constaicí sin a bheith ina gcúis le riosca do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó ainmhithe clóis nó d’oibriú sábháilte an innealra nó an táirge ghaolmhair.","Maidir le gluaiseachtaí innealra shoghluaiste nó táirge ghaolmhair a bhaineann le leantóir nó trealamh ar tarraingt amháin nó níos mó, lena n-áirítear innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirge gaolmhar, atá nasctha le leantóir nó trealamh ar tarraingt amháin nó níos mó nó, ní bheidh siad ina gcúis le rioscaí do dhaoine, d’ainmhithe clóis ná d’aon bhac eile i gcrios contúirte an innealra nó táirge ghaolmhair, na leantóirí agus an trealaimh ar tarraingt sin."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.3.4","intitule":"Gluaiseacht innealra faoi rialú coisithe","texte":["Ní bheifear in ann innealra féinghluaiste faoi rialú coisithe a bhogadh ach amháin trí ghníomhaíocht leanúnach ar an bhfeiste rialaithe ábhartha ag an tiománaí. Go háirithe, ní bheidh gluaiseacht in ann tarlú agus an t-inneall á thosú. Déanfar na córais rialaithe le haghaidh innealra atá faoi rialú coisithe a dhearadh sa chaoi go n-íoslaghdófar na rioscaí a eascraíonn as gluaiseacht neamhbheartaithe an innealra i dtreo an tiománaí, go háirithe:","(a)","bascadh;","(b)","gortú ó uirlisí rothlacha.","Beidh luas taistil an innealra i gcomhréir le luas an tiománaí de shiúl na gcos.","I gcás innealra ar féidir uirlis rothlach a fheistiú air, ní fhéadfar an uirlis a ghníomhú nuair a bheidh an rialú cúlaithe á dhéanamh, ach amháin i gcás ina dtagann gluaiseacht an innealra mar thoradh ar ghluaiseacht na huirlise. Sa chás deireanach sin, níor cheart don luas cúlaithe an tiománaí a chur i mbaol."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.3.5","intitule":"Cliseadh an chiorcaid rialaithe","texte":["Má chliseann ar an soláthar cumhachta leis an stiúradh cumhachtchúnta, má bhíonn sé feistithe, ní choiscfidh sé innealra a stiúradh le linn an ama a bheidh ag teastáil chun é a stopadh.","I gcás innealra soghluaiste uathrialaitheach, ní bheidh tionchar ag cliseadh sa chóras stiúrtha ar shábháilteacht an innealra."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.4.1","intitule":"Gluaiseachtaí neamhrialaithe","texte":["Déanfar innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh, a thógáil agus, nuair is iomchuí, a chur ar thaca soghluaiste sa chaoi go n-áiritheofar, nuair a ghluaistear é, nach gcuirfidh ascaluithe a dhomhanláir isteach ar a chobhsaíocht nó nach gcuirfidh siad brú iomarcach ar a struchtúr."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.4.2","intitule":"Páirteanna trais-seolta gluaisteacha","texte":["Mar eisceacht ar roinn 1.3.8.1, i gcás inneall, na sciatha inghluaiste a choisceann rochtain ar na páirteanna gluaisteacha in urrann an innill, ní gá do na sciatha sin feistí comhghlasála a bheith orthu más gá iad a oscailt le uirlis nó eochair, sin nó le rialtán atá suite sa suíomh tiomána, ar choinníoll go bhfuil an rialtán sin i gcábán lániata faoi ghlas chun rochtain neamhúdaraithe a chosc."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.4.3","intitule":"Iompú thart agus iompú bunoscionn","texte":["Más rud é, i gcás innealra féinghluaiste le tiománaí, oibreoir/oibreoirí nó duine/daoine eile ar bord, go bhfuil riosca ann go n-iompófar thart nó go n-iompófar bunoscionn iad, feisteofar an t-innealra le struchtúr cosanta iomchuí, mura méadóidh sé sin an riosca.","Beidh an struchtúr sin de chineál a fhágfaidh, i gcás iompú thart nó iompú bunoscionn, go mbeidh toirt leordhóthanach ann lena gciorraítear sraonadh le haghaidh an duine/na ndaoine ar bord.","Chun a fhíorú go gcomhlíonann an struchtúr an ceanglas a leagtar síos sa dara mír, déanfaidh an monaróir na tástálacha iomchuí, nó na tástálacha sin a chur faoi deara a fheidhmiú, ar gach cineál struchtúir lena mbaineann."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.4.4","intitule":"Rudaí ag titim","texte":["Más rud é, i gcás innealra féinghluaiste le tiománaí, oibreoir/oibreoirí nó duine/daoine eile ar bord, go bhfuil riosca ann mar gheall ar rudaí nó ábhar atá ag titim, déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcuirfear an riosca sin san áireamh agus go bhfeisteofar struchtúr cosanta iomchuí air, más féidir é sin a dhéanamh de réir a mhéide.","Leis an struchtúr sin, i gcás ina dtiteann rudaí nó ábhar, ráthófar toirt leordhóthanach lena gciorraítear sraonadh le haghaidh na ndaoine ar bord.","Chun a fhíorú go gcomhlíonann an struchtúr an ceanglas a leagtar síos sa dara mír, déanfaidh an monaróir tástálacha iomchuí, nó socróidh sé go ndéanfar na tástálacha sin, ar gach cineál struchtúir lena mbaineann."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.4.5","intitule":"Bealaí rochtana","texte":["Déanfar greamáin láimhe agus céimeanna a dhearadh, a thógáil agus a eagrú sa chaoi go mbainfidh na hoibreoirí úsáid astu go hinstinneach agus nach n-úsáidfidh siad na feistí rialaithe chun rochtain a éascú."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.4.6","intitule":"Feistí tarraingthe","texte":["An t-innealra go léir a úsáidfear le haghaidh tarraingt nó a bheidh le tarraingt, feisteofar é le feistí tarraingthe nó cúplála arna ndearadh, arna dtógáil agus arna socrú sa chaoi go n-áiritheofar ceangal agus dícheangal atá éasca agus slán agus go gcuirfear cosc le dínascadh tionóisceach le linn a n-úsáide.","De réir mar a theastaíonn ó ualach an bharra tarraingthe, feisteofar an t-innealra sin le taca a bhfuil dromchla imthaca air a oireann don ualach agus don talamh."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.4.7","intitule":"Tras-seoladh cumhachta idir innealra féinghluaiste (nó tarracóir) agus innealra tiomáinte","texte":["Feistí trais-seolta meicniúla inbhainte a nascann innealra féinghluaiste (nó tarracóir) leis an gcéad imthaca daingean de chuid an innealra tiomáinte, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh aon pháirt a ghluaiseann le linn an oibriúcháin cosanta feadh a faid iomláin.","Ar thaobh an innealra fhéinghluaiste (nó an tarracóra), an chumhachtdúiseacht lena nasctar an fheiste trais-seolta meicniúla inbhainte, déanfar é a chosaint le sciath dhaingean arna nascadh leis an innealra féinghluaiste (nó an tarracóir) nó le haon fheiste eile a chuireann cosaint choibhéiseach ar fáil.","Beifear in ann an sciath sin a oscailt chun rochtain a fháil ar an bhfeiste trais-seolta inbhainte. Nuair a bheidh sí san áit cheart, beidh dóthain spáis ann ionas nach ndéanfaidh an seafta tiomána damáiste don sciath nuair a bheidh an t-innealra (nó an tarracóir) ag gluaiseacht.","Ar thaobh an innealra tiomáinte, beidh an seafta ionchuir dúnta i gcásáil chosanta a bheidh greamaithe den innealra.","Ní fhéadfar teorantóirí casmhóiminte nó saor-rothaí a fheistiú ar thras-seoltaí comhpháirteacha uilíocha ach amháin ar an taobh le hais an innealra tiomáinte. Marcálfar an fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte dá réir.","Gach innealra tiomáinte a n-éilíonn a oibriú go mbeadh feiste trais-seolta meicniúil inbhainte aige chun é a cheangal le hinnealra féinghluaiste (nó tarracóir), beidh córas aige chun an fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte a cheangal sa chaoi, nuair a bheidh an t-innealra dícheangailte, nach ndéanfar damáiste don fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte agus dá sciath trí theagmháil a dhéanamh leis an talamh nó le cuid den innealra.","Déanfar codanna seachtracha na scéithe a dhearadh, a thógáil agus a shocrú sa chaoi nach féidir leo casadh leis an bhfeiste trais-seolta meicniúil inbhainte. Clúdóidh an sciath an tras-seoladh go foircinn na ngiall inmheánach i gcás ailt uilíocha shimplí agus ar a laghad chuig lár an ailt nó na n-alt seachtrach i gcás ailt uilíocha leathana.","Má sholáthraítear modhanna rochtana ar shuíomhanna oibre gar don fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach féidir na sciatha seafta a úsáid mar chéimeanna, mura rud é go bhfuil siad deartha agus tógtha chun na críche sin."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.5.1","intitule":"Ceallraí","texte":["Déanfar tithíocht an cheallra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach n-eisteilgfear an leictrilíte anuas ar an oibreoir i gcás iompú thart nó iompú bunoscionn, agus chun carnadh gal a sheachaint sna háiteanna a mbíonn na hoibreoirí iontu.","Déanfar táirge innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir an ceallra a dhícheangal le cabhair ó fheiste shorochtana a cuireadh ar fáil chuige sin.","Na ceallraí a luchtaítear go huathoibríoch le haghaidh innealra soghluaiste nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara, déanfar iad a dhearadh sa chaoi go gcoiscfear na guaiseacha dá dtagraítear i ranna 1.3.8.2. agus 1.5.1., lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le teagmháil nó imbhualadh an innealra nó an táirge ghaolmhair le duine nó le hinnealra nó táirgí gaolmhara eile nuair a bhogann an t-innealra nó an táirge gaolmhar go huathrialaitheach chuig an stáisiún luchtaithe."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.5.2","intitule":"Dóiteán","texte":["Ag brath ar na guaiseacha a bhfuil coinne ag an monaróir leo, beidh an méid seo a leanas fíor faoi innealra, i gcás inar féidir de réir mhéid an innealra:","(a)","beifear in ann múchtóirí dóiteáin sorochtana a fheistiú ann; nó","(b)","beidh córais múchtóirí ionsuite ann."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.5.3","intitule":"Astaíochtaí substaintí guaiseacha","texte":["Ní bheidh feidhm ag an dara mír agus an tríú mír de roinn 1.5.13 i gcás inarb é príomhfheidhm an innealra substaintí guaiseacha a leathadh. Déanfar an t-oibreoir a chosaint, áfach, ar an riosca a bhaineann le nochtadh d’astaíochtaí guaiseacha den sórt sin.","Maidir le hinnealra soghluaiste ina mbíonn tiománaí ar bord arb é substaintí guaiseacha a leathadh an phríomhfheidhm atá aige, beidh cábáin scagacháin feistithe ann nó beidh bearta sábháilteachta coibhéiseacha i bhfeidhm."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.5.4","intitule":"Riosca teagmhála le línte cumhachta fuinnmhithe lasnairde","texte":["Ag brath ar a n-airde, déanfar innealra soghluaiste nó táirge gaolmhar, i gcás inarb ábhartha, a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú, chun an riosca go rachfaí i dteagmháil le líne chumhachta bheo lasnairde a chosc nó chun an riosca go gcruthófaí stua leictreach idir aon chuid den innealra nó oibreoir a bheidh ag tiomáint an innealra agus líne chumhachta fhuinnmhithe lasnairde a chosc.","Nuair nach féidir an riosca teagmhála le líne chumhachta lasnairde fhuinnmhithe do na daoine atá ag oibriú innealra a sheachaint go hiomlán, déanfar innealra soghluaiste nó táirgí gaolmhara a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear aon ghuaiseacha leictreacha."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.6.1","intitule":"Comharthaí, teachtaireachtaí agus rabhaidh","texte":["Beidh comharthaí agus/nó plátaí treoracha ag gach innealra nó táirge gaolmhar maidir le húsáid, oiriúnú agus cothabháil, cibé uair is gá, chun sláinte agus sábháilteacht na ndaoine a áirithiú. Déanfar iad a roghnú, a dhearadh agus a thógáil ionas go mbeidh siad sofheicthe agus doscriosta.","Gan dochar d’fhorálacha na rialachán um thrácht ar bhóithre, beidh an trealamh seo a leanas ag an innealra nó táirgí gaolmhara ina mbíonn tiománaí ar bord:","(a)","feiste rabhaidh fuaime chun daoine a chur ar an airdeall;","(b)","córas comharthaí soilse i gcomhair na ndálaí úsáide atá beartaithe; níl feidhm ag an dara ceanglas thuas maidir leis an innealra nó táirgí gaolmhara nach bhfuil ceaptha ach oibriú faoin talamh agus nach bhfuil aon chumhacht leictreach acu;","(c)","i gcás inar gá, beidh ceangal iomchuí ann idir leantóir agus an t-innealra nó táirge gaolmhar i gcomhair oibriú na gcomharthaí.","Innealra nó táirgí gaolmhara cianrialaithe lena mbaineann riosca imbhuailte nó basctha daoine faoi na gnáthdhálaí úsáide a bhaineann leis, déanfar é a fheistiú le modhanna iomchuí chun a ghluaiseachtaí a léiriú nó le modhanna chun daoine a chosaint ar na rioscaí sin. Beidh feidhm ag an méid sin maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara nuair a bhíonn siad ag gluaiseacht chun tosaigh agus ar gcúl ar an ais chéanna go leanúnach, agus iad in úsáid, i gcás nach féidir leis an tiománaí an limistéar laistiar den innealra a fheiceáil go díreach.","Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a thógáil ionas nach féidir na feistí rabhaidh agus comharthaíochta a dhíchumasú de thaisme. I gcás ina mbeidh sé riachtanach don tsábháilteacht, beidh feidhmeanna ag feistí den sórt sin chun a sheiceáil go bhfuil siad in ord maith oibrithe agus chun a chur in iúl don oibreoir má chliseann siad.","I gcás ina mbeidh guais ar leith ag baint le gluaiseacht innealra nó a chuid uirlisí, cuirfear comharthaí ar an innealra chun rabhadh a thabhairt do dhaoine gan teacht i gcóngar an innealra le linn dó a bheith ag oibriú; beidh na comharthaí inléite fada go leor ón innealra chun sábháilteacht na ndaoine a áirithiú nuair is gá dóibh a bheith i ngar dó."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.6.2","intitule":"Marcáil","texte":["(1) Taispeánfar na nithe seo a leanas go soléite agus go doscriosta ar gach innealra nó táirge gaolmhar:","(a)","an chumhacht ainmniúil arna sloinneadh i gcileavatanna (kW);","(b)","mais na cumraíochta is coitianta, i gcileagraim (kg).","(2) Sa bhreis air sin, i gcás inarb iomchuí, taispeánfar na nithe seo a leanas go soléite agus go doscriosta ar gach innealra nó táirge gaolmhar:","(a)","tarraingt uasta an bharra tarraingthe a cheadaítear ar an gcrúca cúplála, i niútain (N);","(b)","an t-ualach ingearach uasta a cheadaítear ar an gcrúca cúplála, i niútain (N)."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.6.3.1","intitule":"Creathanna","texte":["Gheofar an fhaisnéis seo a leanas sna treoracha úsáide maidir le creathanna, arna sloinneadh mar luasghéarú (m/s 2 ), arna dtarchur ag an innealra nó táirge gaolmhar chuig an gcóras láimhe nó chuig an gcorp ar fad:","(a)","luach iomlán na gcreathanna leanúnacha a bhfuil an córas láimhe faoina réir;","(b)","meánluach bhuaic-aimplitiúid an luasghéaraithe ó chreathanna turrainge arís agus arís eile, a bhfuil an córas láimhe faoina réir;","(c)","meánluach fhréamh na gcearnóg is airde luathú ualaithe a théann i gcion ar an gcorp ar fad, má sháraíonn sé 0,5 m/s 2 ; i gcás nach sáraíonn an luach sin 0,5 m/s 2 , luafar é sin;","(d)","éiginnteacht na dtomhas.","Is éard a bheidh sna luachanna sin na luachanna a tomhaiseadh go hiarbhír don innealra nó don táirge gaolmhar atá i gceist nó na luachanna sin arna mbunú ar bhonn tomhais a rinneadh i ndáil le hinnealra nó táirgí gaolmhara atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar an innealra nó na táirgí gaolmhara atá le táirgeadh.","I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a chur i bhfeidhm, déanfar an creathadh a thomhas trí úsáid a bhaint as an gcód tomhais is iomchuí don innealra nó do na táirgí gaolmhara lena mbaineann.","Sonrófar na dálaí oibre a bheidh ann le linn tomhas a dhéanamh mar aon leis na cóid tomhais a úsáidfear."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.6.3.2","intitule":"An ilúsáid","texte":["Na treoracha úsáide le haghaidh innealra nó táirge gaolmhar is féidir a úsáid ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an trealamh atá in úsáid agus ar na treoracha úsáide le haghaidh an trealaimh idirmhalartaithe, beidh an fhaisnéis riachtanach sna treoracha sin maidir le cóimeáil agus úsáid shábháilte an bhuninnealra nó an bhuntáirge ghaolmhair agus an trealamh idirmhalartaithe is féidir a fheistiú."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"3.6.3.3","intitule":"Innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara","texte":["I dtreoracha úsáide an innealra shoghluaiste uathrialaithigh nó na dtáirgí gaolmhara, sonrófar na tréithe a bhaineann leis an mbogadh atá beartaithe, na limistéir oibre agus na criosanna contúirte a ghabhann leis."],"categorie":"mobilite","categorieLib":"Soghluaisteacht an innealra","chapitre":3,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1","intitule":"Ginearálta","texte":[],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.1","intitule":"Chun críocha roinn 4.1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:","texte":["(a)","ciallaíonn “oibríocht ardaithe” gluaiseachtaí ualaí aonaid ina mbíonn earraí agus/nó daoine ar gá a leibhéal a athrú ag am áirithe;","(b)","ciallaíonn “ualach treoraithe” ualach i gcás ina ndéantar gluaiseacht iomlán de réir treoracha dolúbtha nó solúbtha a gcinntítear a suíomh le pointí seasta;","(c)","ciallaíonn “comhéifeacht oibre” an cóimheas uimhríochta idir an t-ualach atá ráthaithe ag an monaróir ar féidir le comhpháirt é a choinneáil ar a mhéad agus an t-ualach oibre uasta a mharcáiltear ar an gcomhpháirt;","(d)","ciallaíonn “comhéifeacht tástála” an cóimheas uimhríochta idir an t-ualach a úsáidtear chun tabhairt faoi thástálacha statacha nó dinimiciúla ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar an ngabhálas ardaithe agus an t-ualach oibre uasta a mharcáiltear ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar an ngabhálas ardaithe;","(e)","ciallaíonn “tástáil statach” an tástáil ina ndéantar an chéad scrúdú ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar an ngabhálas ardaithe, agus ina gcuirtear faoi fhórsa é a chomhfhreagraíonn don ualach oibre uasta arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála statach iomchuí agus a ndéantar athscrúdú air ansin ach a scaoiltear an t-ualach sin chun a áirithiú nár tharla aon díobháil;","(f)","ciallaíonn “tástáil dhinimiciúil” an tástáil ina n-oibrítear an táirge innealra nó an táirge gaolmhar ina gcumraíochtaí féideartha go léir faoin ualach oibre uasta, arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála dinimiciúla iomchuí, agus iompar dinimiciúil an táirge innealra ardaithe á chur san áireamh chun a sheiceáil an bhfuil sé ag feidhmiú sé mar is ceart;","(g)","ciallaíonn “iompróir” páirt den innealra nó den táirge gaolmhar ar a dtacaítear nó ina dtacaítear le daoine agus/nó le hearraí chun go n-ardófar iad."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2","intitule":"Cosaint ar rioscaí meicniúla","texte":[],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.1","intitule":"Rioscaí de bharr easpa cobhsaíochta","texte":["Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil ionas go gcoinneofar an chobhsaíocht a leagtar síos i roinn 1.3.1 agus é i mbun seirbhíse agus as seirbhís, lena n-áirítear gach céim iompraíochta, cóimeála agus díchóimeála, le linn cliseadh comhpháirte intuartha agus le linn na dtástálacha arna ndéanamh i gcomhréir leis na treoracha úsáide. Chun na críche sin, bainfidh an monaróir úsáid as modhanna fíorúcháin iomchuí."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.2","intitule":"Innealra nó táirgí gaolmhara a ghluaiseann ar ráillí treorach agus ar ráillí iarnróid","texte":["Beidh feistí mar chuid d’innealra nó táirgí gaolmhara a fheidhmeoidh ar na ráillí treorach nó iarnróid chun díráilliú a chosc.","Más rud é, d’ainneoin feistí den sórt sin, go bhfuil riosca fós ann go dtarlódh díráilliú nó go gclisfeadh ar chomhpháirt treorach nó iarnróid, soláthrófar feistí a chuirfidh cosc le titim an trealaimh, na comhpháirte nó an ualaigh nó le hiompú bunoscionn an innealra."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.3","intitule":"Neart meicniúil","texte":["Beidh innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe agus a gcomhpháirteanna in ann an brú a chuirtear orthu le linn a saolré, le linn a n-úsáide agus, i gcás inarb infheidhme, le linn dóibh a bheith as úsáid a sheasamh faoi na dálaí suiteála agus oibriúcháin dá bhforáiltear agus sna cumraíochtaí ábhartha uile, agus aird chuí á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar an éifeacht a bhíonn ag tosca atmaisféaracha agus ag fórsa an duine. Comhlíonfar an ceanglas sin freisin le linn iompair, cóimeála agus díchóimeála.","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gclisfidh siad de barr strustuirse nó caithimh, agus an úsáid atá beartaithe dóibh agus aon mhí-úsáid measartha intuartha á gcur san áireamh.","Roghnófar na hábhair a úsáidfear ar bhonn na dtimpeallachtaí oibre atá beartaithe, go háirithe maidir le creimeadh, scríobadh, imbhuailtí, teochtaí foircneacha, strustuirse, sobhristeacht, radaíocht agus aosú.","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a sheasfaidh an ró-ualach sna tástálacha statacha gan dífhoirmiú buan ná locht paitinne a bheith ann. Cuirfear san áireamh i ríomhanna an nirt luach na comhéifeachta tástála stataí a roghnófar chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú. Baineann na luachanna seo a leanas leis an gcomhéifeacht sin, mar riail ghinearálta:","(a)","innealra lámhoibrithe nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe: 1,5;","(b)","innealra eile nó táirgí gaolmhara: 1,25.","Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágann go seasfaidh sé, gan chliseadh, na tástálacha dinimiciúla a dhéanfar agus úsáid á baint as an ualach oibre uasta arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála dinimiciúla. Roghnaítear an chomhéifeacht tástála dinimiciúla sin chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú: is é 1,1 an chomhéifeacht, mar riail ghinearálta. Mar riail ghinearálta, is ag na luasanna ainmniúla dá bhforáiltear a dhéanfar na tástálacha. Más féidir roinnt gluaiseachtaí comhuaineacha a dhéanamh le ciorcad rialaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair, déanfar na tástálacha faoi na dálaí is mífhabhraí, mar riail ghinearálta, trí na gluaiseachtaí atá i gceist a chumasc."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.4","intitule":"Ulóga, drumaí, rothaí, téada agus slabhraí","texte":["Beidh trastomhas na n-ulóg, na ndrumaí agus na rothaí ar aon tomhas le tiús na dtéad nó na slabhraí is féidir a fheistiú orthu.","Déanfar drumaí agus rothaí a dhearadh, a thógáil agus a shuiteáil ar bhealach a fhágann gur féidir na téada nó na slabhraí lena bhfuil siad feistithe a chasadh gan iad a bheith ag teacht díobh.","Na téada a úsáidfear go díreach chun an t-ualach a ardú nó chun tacú leis, ní dhéanfar aon spladhsáil orthu seachas ag a gceann. Glactar le spladhsáil, áfach, laistigh de shuiteálacha atá beartaithe lena n-athrú go tráthrialta d’aon ghnó de réir mar is gá ag brath ar a n-úsáid.","Ní mór comhéifeacht oibre a bheith ag téada iomlána agus ag a dhá gceann a roghnófar ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 5.","Beidh comhéifeacht oibre ag slabhraí ardaithe a roghnófar ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 4.","Chun a fhíorú gur gnóthaíodh comhéifeacht oibre leordhóthanach, déanfaidh an monaróir, le haghaidh gach cineáil slabhra agus téide a úsáidtear go díreach chun an t-ualach a ardú agus i gcomhair dhá cheann na téide, na tástálacha iomchuí a chur i gcrích nó socróidh sé go gcuirfear i gcrích iad."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.5","intitule":"Gabhálais ardaithe agus na comhpháirteanna a ghabhann leo","texte":["Déanfar na gabhálais ardaithe agus na comhpháirteanna a ghabhann leo a thomhas agus aird chuí á tabhairt ar an strustuirse agus ar an aosú le haghaidh roinnt timthriallta oibriúcháin atá i gcomhréir lena saolré ionchasach mar a shonraítear í sna coinníollacha oibriúcháin i gcomhair feidhm faoi leith.","Thairis sin:","(a)","déanfar comhéifeacht oibre na dtéad sreinge agus dhá cheann na dtéad sin le chéile a roghnú ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 5. Níor cheart aon spladhsáil ná lúb a bheith sna téada seachas ag an dá cheann;","(b)","i gcás ina n-úsáidfear slabhraí le naisc tháthaithe, gearrnaisc a bheidh iontu. Roghnófar comhéifeacht oibre na slabhraí ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 4;","(c)","braitheann an chomhéifeacht oibre le haghaidh téada, crocháin nó caolrabhaisc teicstíle ar an ábhar, ar an modh monaraíochta, ar na toisí agus ar an úsáid. Déanfar an chomhéifeacht sin a roghnú ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 7, ar choinníoll go léireofar gur de chaighdeán den chéad scoth iad na hábhair sin agus go bhfuil an modh monaraíochta oiriúnach don úsáid atá beartaithe dóibh. Murab amhlaidh, is ag leibhéal níos airde a shocrófar an chomhéifeacht mar riail ghinearálta chun an leibhéal sábháilteachta céanna a ráthú. Ní bheidh aon snaidhm, nasc ná spladhsáil ar théada, crocháin nó caolrabhaisc teicstíle seachas ag dhá cheann an chrocháin féin, ach amháin i gcás crochán gan deireadh;","(d)","na comhpháirteanna miotalacha uile atá sa chrochán nó a úsáidtear leis, beidh comhéifeacht oibre acu a roghnófar ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 4;","(e)","cinntear an t-ualach oibre uasta atá ag crochán ilchosach ar bhonn na comhéifeachta oibre atá ag an gcos is laige, líon na gcos agus fachtóir laghdaithe atá ag brath ar chumraíocht an chrocháin;","(f)","chun a fhíorú gur gnóthaíodh comhéifeacht oibre leordhóthanach, déanfaidh an monaróir, le haghaidh gach cineáil comhpháirte dá dtagraítear in (a), go (d), na tástálacha iomchuí a chur i gcrích nó socróidh sé nó sí go gcuirfear i gcrích iad."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.6","intitule":"Rialú gluaiseachtaí","texte":["Maidir le feistí rialaithe gluaiseachtaí, feidhmeoidh siad ar bhealach a fhágann go gcoinneofar an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar a bhfuil siad suiteáilte sábháilte.","(a)","Déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil nó a fheistiú le feistí ar bhealach a fhágann go gcoinneofar aimplitiúid na gluaiseachta dá chomhpháirteanna laistigh de na teorainneacha sonraithe. Tabharfar rabhadh roimh oibriú na bhfeistí sin, i gcás inarb iomchuí.","(b)","I gcás inar féidir roinnt innealraí nó táirgí gaolmhara atá feistithe go daingean nó suite ar ráillí a ionramháil go comhuaineach sa láthair chéanna, agus riosca ann go dtarlódh imbhualadh, déanfar an t-innealra sin a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh gur féidir córais a fheistiú trínar féidir an riosca sin a sheachaint.","(c)","Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh nach féidir le hualaí bogadh go contúirteach nó titim gan srian agus gan choinne, fiú amháin i gcás leathchliseadh nó lánchliseadh an tsoláthair cumhachta nó nuair a éiríonn an t-oibreoir as oibriú an innealra.","(d)","Beidh sé dodhéanta, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, an t-ualach a ísliú leis an gcoscán frithchuimilte amháin, seachas i gcás innealra nó táirge gaolmhar nach mór é a oibriú sa chaoi sin de bharr na feidhme atá leis.","(e)","Déanfar feistí coinneála a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a sheachnóidh titim na n-ualaí trí thimpiste."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.7","intitule":"Gluaiseachtaí na n-ualaí le linn láimhseála","texte":["Beidh suíomh oibriúcháin an innealra suite ar bhealach a áiritheoidh an radharc is leithne is féidir ar chonair na bpáirteanna atá ag gluaiseacht chun imbhualadh féideartha le daoine, le trealamh nó le hinnealra eile a chosc, rud a d’fhéadfadh a bheith ag gluaiseacht an tráth céanna agus a bheith ina ghuais.","Déanfar an t-innealra ina bhfuil ualaí treoraithe a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a chuirfidh cosc le daoine a bheith á ngortú de dheasca ghluaiseacht an ualaigh, an iompróra nó na bhfrithmheáchan, más ann dóibh."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.8","intitule":"Innealra atá ag freastal ar léibhinn dhaingnithe","texte":[],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.8.1","intitule":"Gluaiseachtaí an iompróra","texte":["Déanfar gluaiseacht iompróir an innealra atá ag freastal ar léibhinn dhaingnithe a threorú go docht chuig na léibhinn agus ag na léibhinn. Meastar gur treoir dhocht iad córais na siosúr freisin."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.8.2","intitule":"Rochtain ar an iompróir","texte":["I gcás ina mbeidh rochtain ag daoine ar an iompróir, déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go bhfanfaidh an t-iompróir ina stad le linn na rochtana, go háirithe fad a bheidh sé á luchtú nó á dhíluchtú.","Déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh nach gcruthófar riosca tuisle de bharr na difríochta idir leibhéal an iompróra agus leibhéal an léibhinn a bhfuiltear ag freastal air."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.8.3","intitule":"Rioscaí de bharr teagmháil leis an iompróir atá ag gluaiseacht","texte":["I gcás inar gá chun an ceanglas a shonraítear sa dara mír de roinn 4.1.2.7 a chomhlíonadh, ní bheidh rochtain ar an limistéar taistil le linn an ghnáthoibriúcháin.","Má tá riosca ann, le linn cigireachta nó cothabhála, go mbrúfaí daoine atá lonnaithe faoin iompróir nó os a chionn idir an t-iompróir agus aon pháirteanna atá feistithe go daingean, cuirfear dóthain spáis saor ar fáil trí bhíthin tearmainn fhisiceacha nó trí bhíthin feistí meicniúla lena gcuirfear bac ar ghluaiseacht an iompróra."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.8.4","intitule":"Riosca de bharr ualach ag titim den iompróir","texte":["I gcás riosca a bheith ann go dtitfeadh ualach den iompróir, déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a chuirfear cosc leis an riosca sin."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.2.8.5","intitule":"Léibhinn","texte":["Cuirfear cosc leis an riosca go mbeadh teagmháil idir daoine ag na léibhinn agus an t-iompróir atá ag gluaiseacht nó páirteanna eile atá ag gluaiseacht.","Má tá riosca ann go dtitfeadh daoine isteach sa limistéar taistil nuair nach mbíonn an t-iompróir i láthair ag na léibhinn, feisteofar sciatha chun an riosca sin a chosc. Ní osclófar na sciatha sin i dtreo an limistéir taistil. Beidh siad feistithe le feiste glasála sciath a rialaítear ó shuíomh an iompróra chun cosc a chur leis na nithe seo a leanas:","(a)","gluaiseachtaí guaiseacha an iompróra go dtí go mbeidh na sciatha dúnta agus faoi ghlas;","(b)","oscailt ghuaiseach scéithe go dtí go stopfaidh an t-iompróir ag an léibheann comhfhreagrach."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.1.3","intitule":"Oiriúnacht don fheidhm","texte":["Nuair a chuirtear innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear nó gabhálais ardaithe ar an margadh nó nuair a chuirtear i seirbhís iad den chéad uair, áiritheoidh an monaróir, trí bhearta iomchuí a dhéanamh nó trína shocrú go ndéanfar iad, go mbeidh an t-innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe atá réidh lena n-úsáid – is cuma más de láimh nó le cumhacht a oibrítear iad – in ann a gcuid sainfheidhmeanna a chomhlíonadh go sábháilte.","Déanfar na tástálacha statacha agus dinimiciúla dá dtagraítear i roinn 4.1.2.3 ar gach innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara atá réidh le cur i seirbhís.","I gcás nach féidir an t-innealra nó táirgí gaolmhara a chur le chéile in áitreabh an mhonaróra, déanfaidh an monaróir na bearta iomchuí ag an láthair úsáide. Seachas sin, is féidir na bearta a dhéanamh in áitreabh an mhonaróra nó ag an láthair úsáide."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.2","intitule":"Ceanglais maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara nach é neart na lámh is foinse chumhachta dóibh","texte":[],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.2.1","intitule":"Rialú gluaiseachtaí","texte":["Úsáidfear feistí rialaithe a bhrúitear lena n-oibriú chun gluaiseachtaí an innealra nó na dtáirgí gaolmhara nó a dtrealaimh a rialú. I gcás gluaiseachtaí páirteacha nó iomlána nach bhfuil aon riosca ann go mbuailfeadh an t-ualach nó an t-innealra nó an táirge gaolmhar in aghaidh a chéile, áfach, féadfar feistí rialaithe a chur in ionad na bhfeistí sin lena n-údaraítear stadanna uathoibríocha i suíomhanna réamhroghnaithe gan feiste rialaithe a bhrúitear lena oibriú a bheith i lámh an oibreora."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.2.2","intitule":"Rialú ualaithe","texte":["Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara ag a bhfuil ualach oibre uasta nach lú ná 1 000 kg nó ag a bhfuil móimint iompaithe bunoscionn nach lú ná 40 000 Nm, feisteofar feistí orthu lena dtabharfar rabhadh don tiománaí agus chun gluaiseachtaí contúirteacha a chosc sna cásanna seo a leanas:","(a)","an ró-luchtú, mar thoradh ar an ualach uasta oibre nó an uas-mheicphointe oibre de bharr an ualaigh a bheith sáraithe; nó","(b)","an mhóimint iompaithe bunoscionn a bheith sáraithe."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.2.3","intitule":"Suiteálacha arna dtreorú ag rópaí","texte":["Coinneofar iompróirí rópaí, tarracóirí nó iompróirí tarracóirí le frithmheáchain nó le feiste lenar féidir srian a choinneáil ar an teannas go buan."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.3","intitule":"Faisnéis agus marcálacha","texte":[],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.3.1","intitule":"Slabhraí, téada agus caolrabhaisc","texte":["Cuirfear marc ar gach píosa de shlabhra, téad nó caolrabhaisc ardaithe nach cuid de chóimeáil é nó, i gcás nach féidir sin, cuirfear pláta nó fáinne dobhainte air ar a bhfuil ainm agus seoladh an mhonaróra agus tagairt aitheantais an deimhnithe ábhartha.","Taispeánfar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú a luaitear thuas:","(a)","ainm agus seoladh an mhonaróra;","(b)","tuairisc ar an slabhra nó ar an téad lena n-áirítear:","(i)","a mhéid nó a méid ainmniúil;","(ii)","an déanamh atá air nó uirthi;","(iii)","an t-ábhar as a ndearnadh é nó í; agus","(iv)","aon chóireáil mhiotalóireachta speisialta a cuireadh ar an ábhar;","(c)","an modh tástála ar baineadh úsáid as;","(d)","an t-ualach uasta ba cheart a chur ar an slabhra nó ar an téad agus é nó í i mbun seirbhíse. Féadfar réimse luachanna a thabhairt ar bhonn na bhfeidhmeanna atá beartaithe."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.3.2","intitule":"Gabhálais ardaithe","texte":["Léireofar na sonraí seo a leanas ar na gabhálais ardaithe:","(a)","faisnéis faoin ábhar i gcás ina dteastaíonn sí ar mhaithe le húsáid shábháilte;","(b)","an t-ualach oibre uasta.","I gcás gabhálais ardaithe a bhfuil sé dodhéanta go fisiceach marcáil a chur orthu, taispeánfar na sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír ar phláta nó modh coibhéiseach eile a ghreamófar go daingean den ghabhálas.","Beidh na sonraí inléite agus lonnaithe in áit nach dócha go scriosfar iad de bharr a gcaite nó in áit nach gcuirfidh siad neart an ghabhálais i mbaol."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.3.3","intitule":"Innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara","texte":["Beidh an t-ualach uasta oibre marcáilte go feiceálach ar an innealra ardaithe nó ar an táirge gaolmhar. Beidh an mharcáil sin inléite, doscriosta agus i bhfoirm neamhchódaithe.","I gcás ina mbeidh an t-ualach uasta oibre ag brath ar chumraíocht an innealra ardaithe nó an táirge ghaolmhair, cuirfear pláta ualaigh ar fáil do gach suíomh oibriúcháin ina léireofar, i bhfoirm léaráide de nó trí bhíthin táblaí, an t-ualach oibre atá ceadaithe do gach cumraíocht.","Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe le haghaidh earraí a ardú agus lena aghaidh sin amháin agus a bhfuil iompróir feistithe air a thugann rochtain do dhaoine, beidh rabhadh soiléir agus doscriosta air lena gcuirfear toirmeasc ar dhaoine a bheith á n-ardú. Beidh an rabhadh sin infheicthe i ngach áit ar féidir rochtain a fháil."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.4","intitule":"Treoracha úsáide","texte":[],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.4.1","intitule":"Gabhálais ardaithe","texte":["Beidh treoracha ag gabháil le gach gabhálas ardaithe nó le gach baisc de ghabhálas ardaithe atá doroinnte ó thaobh tráchtála de, ina leagfar amach, ar a laghad, na sonraí seo a leanas:","(a)","an úsáid atá beartaithe dóibh;","(b)","na teorainneacha úsáide (go háirithe maidir le gabhálais ardaithe ar nós pillíní maighnéadacha nó folúis nach gcomhlíonann roinn 4.1.2.6(e) ina hiomláine);","(c)","treoracha cóimeála, úsáide agus cothabhála;","(d)","an chomhéifeacht tástála stataí a úsáidtear."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"4.4.2","intitule":"Innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara","texte":["Beidh treoracha úsáide ag gabháil le hinnealra ardaithe nó le táirgí gaolmhara ina mbeidh faisnéis faoi na nithe seo a leanas:","(a)","saintréithe teicniúla an innealra ardaithe nó an táirge ghaolmhair, agus go háirithe:","(i)","an t-ualach uasta oibre agus, i gcás inarb iomchuí, cóip den phláta ualaigh nó den tábla ualaigh a shonraítear sa dara mír de roinn 4.3.3;","(ii)","na frithghníomhartha ag na tacaí nó na hancairí agus, i gcás inarb iomchuí, tréithe na ráillí;","(iii)","i gcás inarb iomchuí, sainmhíniú ar an mballasta agus modh suiteála an bhallasta;","(b)","inneachar an logleabhair, mura gcuirtear an méid sin ar fáil leis an innealra ardaithe;","(c)","comhairle úsáide, go háirithe chun easpa radhairc dhírigh an oibreora ar an ualach a chúiteamh;","(d)","de réir mar is iomchuí, tuairisc tástála ina mionsonraítear na tástálacha statacha agus dinimiciúla a rinne an monaróir nó thar a cheann;","(e)","maidir le hinnealra ardaithe nó táirgí gaolmhara nach gcóimeáiltear in áitreabh an mhonaróra san fhoirm ina n-úsáidfear iad, na treoracha is gá chun na bearta dá dtagraítear i roinn 4.1.3 a chomhlíonadh sula gcuirfear i seirbhís iad den chéad uair."],"categorie":"levage","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe","chapitre":4,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"5.1","intitule":"Rioscaí de bharr easpa cobhsaíochta","texte":["Déanfar tacaí dín leictreacha a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a choinneoidh treo áirithe le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht agus nach sciorrfaidh siad sula gcuirfear ualach orthu, le linn ualach a bheith á chur orthu agus nuair a bhainfear an t-ualach sin. Beidh siad feistithe le hancaireachtaí le haghaidh phlátaí uachtair na dtacaí hiodrálacha aonair."],"categorie":"souterrain","categorieLib":"Obair faoin talamh","chapitre":5,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"5.2","intitule":"Gluaiseacht","texte":["Fágfaidh tacaí dín leictreacha gur féidir le daoine gluaiseacht gan srian."],"categorie":"souterrain","categorieLib":"Obair faoin talamh","chapitre":5,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"5.3","intitule":"Feistí rialaithe","texte":["Déanfar an luasaire agus na rialuithe coscán le haghaidh innealra a ritheann ar ráillí a oibriú de láimh. Is féidir leis na feistí cumasúcháin a oibriú leis an gcos, áfach.","Déanfar feistí rialaithe na dtacaí dín leictreacha a dhearadh agus a shuí ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh tacaíocht ann d’oibreoirí le linn oibríochtaí díláithriúcháin. Déanfar na feistí rialaithe a chosaint ar aon scaoileadh de thaisme."],"categorie":"souterrain","categorieLib":"Obair faoin talamh","chapitre":5,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"5.4","intitule":"Stopadh","texte":["Innealra féinghluaiste a ritheann ar ráillí agus a úsáidtear in obair faoi thalamh, feisteofar é le feiste chumasúcháin a bheidh ag feidhmiú ar an gciorcad lena rialaítear gluaiseacht an innealra, rud a fhágann go stopfar an ghluaiseacht mura mbeidh an ghluaiseacht faoi smacht an tiománaí a thuilleadh."],"categorie":"souterrain","categorieLib":"Obair faoin talamh","chapitre":5,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"5.5","intitule":"Dóiteán","texte":["Tá roinn 3.5.2 (b) éigeantach i dtaca le hinnealra nó táirgí gaolmhara ina bhfuil páirteanna atá an-inadhainte.","Córas coscánaithe an innealra nó na dtáirgí gaolmhara atá ceaptha lena úsáid in oibreacha faoi thalamh, déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh sé ina chúis le splancacha ná dóiteán.","An t-innealra nó táirgí gaolmhara ag a bhfuil innill dócháin inmheánaigh atá le húsáid in oibreacha faoi thalamh, ní fheisteofar iad ach le hinnill a úsáideann breosla ag a bhfuil brú galaithe íseal agus nach n-eascraíonn aon splanc leictreach astu."],"categorie":"souterrain","categorieLib":"Obair faoin talamh","chapitre":5,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"5.6","intitule":"Astaíochtaí sceite","texte":["Ní dhéanfar astaíochtaí sceite ó innill dócháin inmheánaigh a scaoileadh suas."],"categorie":"souterrain","categorieLib":"Obair faoin talamh","chapitre":5,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.1","intitule":"Ginearálta","texte":[],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.1.1","intitule":"Neart meicniúil","texte":["Déanfar an t-iompróir, lena n-áirítear aon chomhlaí tógála, a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh an spás agus an neart ann a fhreagraíonn don uaslíon daoine a cheadaítear ar an iompróir agus don ualach oibre uasta.","Ní leor na comhéifeachtaí oibre do chomhpháirteanna a leagtar amach i ranna 4.1.2.4 agus 4.1.2.5 le haghaidh innealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe le haghaidh daoine a ardú agus déanfar iad a dhúbailt, mar riail ghinearálta. Innealra nó táirgí gaolmhara atá ceaptha le haghaidh daoine nó daoine agus earraí a ardú, feisteofar iad le córas crochta nó tacaíochta don iompróir arna dhearadh agus arna thógáil ar bhealach a áiritheoidh leibhéal ginearálta leordhóthanach sábháilteachta agus chun an riosca go dtitfeadh an t-iompróir a chosc.","Má úsáidtear téada nó slabhraí chun an t-iompróir a chrochadh, mar riail ghinearálta, beidh gá le dhá rópa nó dhá shlabhra neamhspleácha ar a laghad, agus a ancaireacht féin ag gach ceann acu."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.1.2","intitule":"Rialú luchtaithe le haghaidh innealra nó táirgí gaolmhara a ghluaistear le cumhacht seachas neart an duine","texte":["Tá feidhm ag ceanglais roinn 4.2.2 gan beann ar an ualach oibre uasta agus ar an móimint iompaithe bunoscionn uasta, ach amháin i gcás inar féidir leis an monaróir a léiriú nach bhfuil aon riosca ann go dtarlódh ró-ualú nó iompú bunoscionn."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.2","intitule":"Feistí rialaithe","texte":["I gcás nach bhforchuirtear réitigh eile sna ceanglais sábháilteachta, déanfar, mar riail ghinearálta, an t-iompróir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh daoine san iompróir in ann gluaiseachtaí suas agus anuas a rialú agus, más iomchuí, gluaiseachtaí eile de chuid an iompróra a rialú.","Agus iad i mbun oibriúcháin, sáróidh na feistí rialaithe sin aon fheistí eile a rialaíonn an ghluaiseacht chéanna cé is moite de stopfheistí éigeandála.","Ní mór gur feistí rialaithe a bhrúitear lena n-oibriú a bheidh sna feistí rialaithe le haghaidh na ngluaiseachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír ach amháin i gcás ina mbeidh an t-iompróir go hiomlán iata. Mura bhfuil aon riosca ann go mbuailfeadh daoine nó rudaí ar an iompróir in aghaidh a chéile nó go dtitfidís de, agus mura bhfuil aon rioscaí eile ann mar gheall ar ghluaiseachtaí suas agus anuas an iompróra, féadfar feistí rialaithe lena n-údaraítear stadanna uathoibríocha i suíomhanna réamhroghnaithe a úsáid in ionad feistí rialaithe a bhrúitear lena n-oibriú."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":true,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.3","intitule":"Riosca do dhaoine atá san iompróir nó ar an iompróir","texte":[],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.3.1","intitule":"Riosca de bharr ghluaiseachtaí an iompróra","texte":["Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh daoine a ardú a dhearadh, a thógáil nó a fheistiú ar bhealach nach gcuirfear daoine i mbaol i ngeall ar luasghéarú nó luasmhoilliú an iompróra."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.3.2","intitule":"An riosca go dtitfeadh daoine den iompróir","texte":["Ní chlaonfaidh an t-iompróir a mhéid a chruthódh riosca go dtitfeadh na daoine den iompróir, lena n-áirítear nuair a bhíonn an t-innealra nó an táirge gaolmhar agus an t-iompróir ag gluaiseacht.","I gcás ina mbeidh an t-iompróir deartha mar stáisiún oibre, déanfar cobhsaíocht a áirithiú agus gluaiseachtaí guaiseacha a chosc.","Mura leor na bearta dá dtagraítear i roinn 1.5.15, feisteofar an t-iompróir le líon leordhóthanach pointí ancaireachta do líon na ndaoine a cheadaítear ar an iompróir. Beidh na pointí ancaireachta láidir go leor chun trealamh cosanta pearsanta a úsáid in aghaidh titim ó phointe ard.","Déanfar aon chomhla thógála in urláir nó i síleálacha nó taobhdhoras a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach n-osclóidh siad de thimpiste agus osclóidh siad i dtreo a sheachnóidh aon riosca titime, i gcás ina n-osclódh sé nó sí gan choinne."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.3.3","intitule":"Riosca de bharr rudaí a bheith ag titim ar an iompróir","texte":["I gcás ina mbeidh riosca ann go dtitfeadh rudaí ar an iompróir agus go gcuirfí daoine i mbaol, beidh díon cosanta ar an iompróir."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.4","intitule":"Innealra nó táirgí gaolmhara atá ag freastal ar léibhinn dhaingnithe","texte":[],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.4.1","intitule":"Riosca do dhaoine atá san iompróir nó ar an iompróir","texte":["Déanfar an t-iompróir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a chuirfidh cosc le rioscaí mar gheall ar theagmháil idir daoine agus/nó rudaí atá san iompróir nó ar an iompróir agus aon pháirteanna atá daingnithe nó atá ag gluaiseacht. I gcás inar gá chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, beidh an t-iompróir féin iata go hiomlán le doirse a mbeidh feiste chomhghlasála feistithe orthu a chuirfidh cosc le gluaiseachtaí guaiseacha an iompróra mura mbeidh na doirse dúnta. Fanfaidh na doirse dúnta má stopann an t-iompróir idir léibhinn i gcás ina bhfuil riosca ann go dtitfeadh daoine den iompróir.","Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh, a thógáil agus, más gá, a fheistiú le feistí ar bhealach a sheachnóidh aon ghluaiseacht suas nó anuas gan smacht a dhéanfadh an t-iompróir. Beidh na feistí sin in ann an t-iompróir a stopadh ag a ualach oibre uasta agus ag an uasluas intuartha.","Ní bheidh an gníomh stoptha ina chúis le luasmhoilliú a dhéanfadh díobháil do na daoine atá ar bord, is cuma cad iad dálaí an ualaigh."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.4.2","intitule":"Rialtáin ag léibhinn","texte":["Na rialtáin ag léibhinn, seachas na rialtáin sin le haghaidh úsáid éigeandála, ní chuirfidh siad tús le gluaiseachtaí an iompróra sna cásanna seo a leanas:","(a)","nuair a bhíonn na feistí rialaithe san iompróir á n-oibriú;","(b)","nuair nach mbíonn an t-iompróir ag léibheann."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.4.3","intitule":"Rochtain ar an iompróir","texte":["Déanfar na sciatha ag na léibhinn agus ar an iompróir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go ndéanfar aistriú sábháilte chuig an iompróir agus uaidh, agus réimse intuartha na n-earraí agus na ndaoine a bheidh le hardú á chur san áireamh."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true},{"code":"6.5","intitule":"Marcálacha","texte":["Cuirfear an fhaisnéis is gá chun sábháilteacht a áirithiú ar an iompróir, lena n-áirítear:","(a)","líon na ndaoine a cheadaítear ar an iompróir;","(b)","an t-ualach oibre uasta."],"categorie":"levage_personnes","categorieLib":"Oibríochtaí ardaithe daoine","chapitre":6,"nouveaute":false,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1230","relu":true}],"normes":[{"code":"EN ISO 12100:2010","titre":"Sábháilteacht innealra - Prionsabail ghinearálta maidir le dearadh - Measúnú riosca agus laghdú riosca (ISO 12100:2010)","titreSource":"2023/1586","type":"A","typeLib":"Cineál A — prionsabail ghinearálta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 110, 08.04.2011; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 13849-1:2023","titre":"Sábháilteacht innealra - Codanna de chórais rialaithe a bhaineann le sábháilteacht - Cuid 1: Prionsabail ghinearálta maidir le dearadh (ISO 13849-1:2023)","titreSource":"2023/1586","type":"B1","typeLib":"Cineál B1 — gnéithe sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe an 15.05.2024 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1329 (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an leagan comhdhlúite de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, ró 66a); EN ISO 13849-1:2015 fós foilsithe, deireadh leis an toimhde comhréireachta an 15.05.2027","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 13849-2:2012","titre":"Sábháilteacht innealra — Codanna de chórais rialaithe a bhaineann le sábháilteacht — Cuid 2: Bailíochtú (ISO 13849-2:2012)","titreSource":"2023/1586","type":"B1","typeLib":"Cineál B1 — gnéithe sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 99, 05.04.2013; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN 60204-1:2018","titre":"Sábháilteacht innealra — Trealamh leictreach meaisíní — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta (IEC 60204-1:2016, modhnaithe)","titreSource":"2023/1586","type":"B1","typeLib":"Cineál B1 — gnéithe sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe an 02.04.2020 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/480 (IO L 102); comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586; tháinig deireadh leis an toimhde comhréireachta a bhain le EN 60204-1:2006+A1 an 02.10.2021","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 13850:2015","titre":"Sábháilteacht innealra — Feidhm stoptha éigeandála — Prionsabail maidir le dearadh (ISO 13850:2015)","titreSource":"2023/1586","type":"B2","typeLib":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 173, 13.05.2016; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 14120:2015","titre":"Sábháilteacht innealra — Gardaí — Ceanglais ghinearálta maidir le dearadh agus tógáil gardaí seasta agus gardaí inbhoghtha (ISO 14120:2015)","titreSource":"2023/1586","type":"B2","typeLib":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 173, 13.05.2016; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 14119:2013","titre":"Sábháilteacht innealra — Feistí comhghlasáilte a bhaineann le gardaí — Prionsabail maidir le dearadh agus rogha (ISO 14119:2013)","titreSource":"2023/1586","type":"B2","typeLib":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 110, 11.04.2014; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 — ISO 14119:2024 eisithe, ach NÍOR foilsíodh aon tagairt mar EN amhail an 26.08.2026 (seiceáladh 6 chinneadh leasúcháin)","s2023":"a_verifier","remplacee":"ISO 14119:2024 (glacadh mar EN le deimhniú, gan foilsiú in IO)","source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 13857:2019","titre":"Sábháilteacht innealra — Faid sábháilteachta ionas nach sroichfear criosanna guaise leis na géaga uachtaracha agus íochtaracha (ISO 13857:2019)","titreSource":"2023/1586","type":"B2","typeLib":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe an 03.03.2021 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/377 (IO L 72); comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 10218-1:2011","titre":"Róbait agus gléasanna róbataice — Ceanglais sábháilteachta le haghaidh róbait thionsclaíocha — Cuid 1: Róbait (ISO 10218-1:2011)","titreSource":"2023/1586","type":"C","typeLib":"Cineál C — innealra ar leith","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 338, 18.11.2011; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 — ISO 10218-1:2025 eisithe, ach NÍOR foilsíodh aon tagairt mar EN amhail an 26.08.2026","s2023":"a_verifier","remplacee":"ISO 10218-1:2025 (glacadh mar EN le deimhniú, gan foilsiú in IO)","source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 10218-2:2011","titre":"Róbait agus gléasanna róbataice — Ceanglais sábháilteachta le haghaidh róbait thionsclaíocha — Cuid 2: Córais agus comhtháthú róbat (ISO 10218-2:2011)","titreSource":"2023/1586","type":"C","typeLib":"Cineál C — innealra ar leith","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 338, 18.11.2011; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 — ISO 10218-2:2025 eisithe, ach NÍOR foilsíodh aon tagairt mar EN amhail an 26.08.2026","s2023":"a_verifier","remplacee":"ISO 10218-2:2025 (glacadh mar EN le deimhniú, gan foilsiú in IO)","source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"ISO/TS 15066:2016","titre":"Robots and robotic devices — Collaborative robots","titreLangue":"en","titreSource":"iso","type":"TS","typeLib":"Sonraíocht theicniúil","s2006":"non_harmonisee","ref2006":"níl sí sa liosta achomair (cuardach uileghabhálach sa téacs iomlán); ní thugann sonraíocht theicniúil toimhde comhréireachta; cuid dá hábhar ionchorpraithe in ISO 10218:2025","s2023":"non_harmonisee","remplacee":null,"source":"https://www.iso.org/standard/62996.html","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 3691-4:2023","titre":"Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais sábháilteachta agus deimhniú - Cuid 4: Trucailí tionsclaíocha gan tiománaithe agus a gcórais","titreSource":"2023/1586","type":"C","typeLib":"Cineál C — innealra ar leith","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe an 15.05.2024 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1329 (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an leagan comhdhlúite de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, ró 189a), gan srian; níor foilsíodh an leagan :2020 riamh","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 4413:2010","titre":"Cumhacht sreabháin hiodrálaigh — Rialacha ginearálta agus ceanglais sábháilteachta do chórais agus dá gcomhpháirteanna (ISO 4413:2010)","titreSource":"2023/1586","type":"B2","typeLib":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 110, 08.04.2011; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN ISO 4414:2010","titre":"Cumhacht sreabháin aeroibrithe — Rialacha ginearálta agus ceanglais sábháilteachta do chórais agus dá gcomhpháirteanna (ISO 4414:2010)","titreSource":"2023/1586","type":"B2","typeLib":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","s2006":"citee_joue","ref2006":"foilsithe den chéad uair in IO C 110, 08.04.2011; comhdhlúite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:02023D1586-20260515","verifie":"2026-08-26","relu":true},{"code":"EN 61496-1:2020","titre":"Safety of machinery — Electro-sensitive protective equipment — Part 1: General requirements and tests","titreLangue":"en","titreSource":"cen","titreEdition":"EN 61496-1:2013","type":"B2","typeLib":"Cineál B2 — feistí sábháilteachta","s2006":"non_harmonisee","ref2006":"níor foilsíodh an leagan :2020 riamh in IO; tarraingíodh siar tagairt an leagain foilsithe, EN 61496-1:2013, le héifeacht ón 19.09.2020 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1863 (cúis: ní chomhlíonann sé na ceanglais a thuilleadh), gan caighdeán ionadach — ó shin i leith ní thugann aon 61496 toimhde comhréireachta. AIRE: ná luaigh EN 61496-1 riamh mar chaighdeán comhchuibhithe i ndoiciméad faoi threalamh cosanta leictrea-íogair (ESPE)","s2023":"a_verifier","remplacee":null,"source":"https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32019D1863","verifie":"2026-08-26","relu":true}]}
